12 gortaithe in imbhualadh (collision) bus scoile agus leoraí

14/12/2023

Bhí ochtar leanaí scoile ina measc siúd a tugadh chuig an ospidéal agus b’éigean an tiománaí leoraí a aeriompar go hOspidéal Thamhlachta (Tallaght hospital)

Gortaíodh 12 duine, ochtar leanaí scoile ina measc, i dtimpiste idir bus scoile agus leoraí i gCo. Chill Chainnigh.

Tuigtear go raibh an bus scoile, a bhí lán de dhaltaí meánscoile na hidirbhliana (transition year), ag taisteal feadh Bhóthar Bhaile Ragadaigh (Ballyragget Road) nuair a tharla an t-imbhualadh go gairid roimh 10rn Déardaoin.

Tugadh an t-ochtar daltaí go léir, beirt mhúinteoirí, tiománaí bus agus tiománaí leoraí chuig an ospidéal tar éis an imbhuailte.

Tharla an timpiste ar an N77 gar do Dhroichead Dinan ar an mbóthar idir Cill Chainnigh agus Baile Ragadaigh.

Gardai Garda Car 1
D’iarr Gardaí ar aon duine a bhí ag tiomáint ar an N77 le píosaí scannáin dashcam teagmháil a dhéanamh leo marchgeall ar an timpiste le bus scoile

Dúirt Gardaí go raibh thart ar 40 dalta ag taisteal go Cill Chainnigh lena múinteoirí nuair a tharla an t-imbhualadh.

Aeriomparadh (airlifted) an tiománaí leoraí, fear sna 40idí, go hOspidéal Ollscoile Thamhlachta, agus bhí cóir leighis á cur ar an ochtar mac léinn agus beirt mhúinteoirí in Ospidéal Naomh Lúcás i gCill Chainnigh.

Bhi tiománaí an bhus, fear ina 50idí, tugtha go dtí Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre i dTulach Mhór (Midland Regional Hospital in Tullamore).

Dúirt Gardaí, cé gur bhain gortuithe tromchúiseacha do roinnt daoine, nach bhfuil aon duine i riocht criticiúil.

D’iarr Gardaí ar aon duine a bhí ag tiomáint ar an N77 le píosaí scannáin dashcam teagmháil a dhéanamh leo.

Iarrtar ar aon duine a bhfuil aon eolas acu teagmháil a dhéanamh le stáisiún Gardaí Chill Chainnigh ar 056 7775000, Líne Rúnda na nGardaí ar 1800 666 111, nó le haon stáisiún gardaí.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram