Táimid go léir ag súil le níos mó ná mar is gnách a chaitheamh don Nollaig – agus ansin beidh orainn íoc as san Athbhliain.
Ach bheadh sé níos fear airgead a shábháil agus muid ag caitheamh airgead. Le sin beidh na billí móra i gceann cúpla seachtain níos fusa a íoc.
Seo sé leid ar conas airgead a shábháil, agus tú ag caitheamh breise thar na Nollag. Le seo sábhálfaidh tú €108 ar an meán in aghaidh na míosa, sé sin €1,296 in aghaidh na bliana, ar do bhillí fuinnimh.
1. Cócaireacht
Tagann thart ar 20% de do bhille fuinnimh ón gcistin, go háirithe um Nollaig. Arsa saineolaí fuinnimh Switcher.ie, Eoin Clarke: ‘Smaoinigh ar an oigheann (ovan) a mhúchadh agus rudaí atá níos saoire le rith a plugáil isteach.
D’fhéadfaí am agus airgead a shábháil dá ndéanfaí an turcaí a róstadh i gcócaire mall (slow cooker) seachas san oigheann, bain briall as aerfhriochtóir (air fryer) a úsáid agus glasraí a ghalú (steam) sa mhicreathonn.’
D’fhéadfá: €8.35 in aghaidh na míosa agus os cionn €100 sa bhliain a choigilt.
2. Níochán
Chuir do mhiasniteoir (dishwasher) go dtí an uasmhéid agus gearr na nite seachtainiúla faoi leath.
Leid Eoin Clarke: ‘Gearr síos ó chúig thimthriall sa tseachtain go dtí trí cinn.’
D’fhéadfá: €7.58 in aghaidh na míosa nó €91 sa bhliain a choigilt.
3. Soilsiú
Go hiondúil bíonn soilse tí ar siúl ar feadh 10 n-uaire sa lá i rith an gheimhridh. Cuir soilse na Nollag isteach agus ardaíonn costais fuinnimh.
Trí do bholgáin 60 vata (60 wat bulb) a athrú le haghaidh bolgáin LED cúig vata leis an aschur solais céanna is féidir leat ar a laghad €3 a choigilt in aghaidh na seachtaine. D’fhéadfadh lampaí USB-chumhachta níos mó a shábháil.
Leid Eoin: ‘Chaith amach do shean-soilse gealbhruthach le haghaidh teaghráin LED agus cosnóidh sé níos lú ná €1 do shéasúr na Nollag. Agus faigh soilse lasmuigh atá faoi thiomáint na gréine.’
D’fhéadfá: Timpeall €13 in aghaidh na míosa a shábháil sa gheimhreadh.
4. Teas
Cosnaíonn téamh tí teaghlaigh sa gheimhreadh thart ar €10-€15 in aghaidh an lae.
Leid Eoin: ‘Múch an teas céim amháin agus sábháil 10% ar do bhillí teasa, nó múch é uair an chloig níos luaithe gach lá agus sábháil thart ar €47 sa mhí.
Mura bhfuil ach seomra amháin á úsáid agat sa tráthnóna, smaoinigh ar théitheoir eile, cosúil le radaitheoir ola-líonta, beidh costas níos lú ná 60c in aghaidh na huaire air.’
D’fhéadfá: Timpeall €47 in aghaidh na míosa a shábháil i rith an gheimhridh.
5. Cithfholcadáin (shower)
Laghdaigh do chuid ama cithfholcadh ó 15 nóiméad go deich nóiméad in aghaidh an lae agus sábháil suas go dtí €1.92 in aghaidh na seachtaine. Is é sin €8.32 in aghaidh na míosa.
Leid Eoin: ‘Cosnóidh sé 65c sa tseachtain do chuid gruaige a thriomú ar feadh deich nóiméad in aghaidh an lae. Gearr do shéideadh tirim go cúig nóiméad le costais a laghdú faoi leath.’
D’fhéadfá: €9.89 in aghaidh na míosa a choigilt; sin timpeall €119 in aghaidh na bliana.
6. Triomú
Sábháil €4.67 in aghaidh na seachtaine ar chostais níocháin nuair a fhaigheann tú réidh leis an triomadóir (tumbledryer). Tá sé ar cheann de na fearais is costasaí inár dtithe, ag baint úsáide as idir 2.5 agus trí cileavata/uair an chloig (kilowatt/hours kWh).
Cuir ar timthriall meaisín níocháin (wash cycle) amháin níos lú in aghaidh na seachtaine chun €1.56 in aghaidh na míosa a shábháil.
Leid Eoin: ‘Socraigh an teocht go 30C agus lódaigh do dhruma go hiomlán chun nite a choinneáil chomh híseal agus is féidir. Má tá ríomhchlár ag do mheaisín níocháin, bain úsáid as chun suas le 30% níos mó fuinnimh a shábháil.’
D’fhéadfá: €21.94 in aghaidh na míosa a choigilt, sin €263 in aghaidh na bliana.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.