Na mílte ag teorainn Gaza leis an Éigipt, agus Éire ag brú an Aontais Eorpaigh chun sos cogaidh

Deir rialtas na hÉireann agus ceannaire trí thír eile go bhfuil creidiúnacht an Aontais Eorpaigh i gceist mura nglacfaidh siad seasamh níos daonnúla ar Gaza

Tá na mílte Palaistíneach bailithe le chéile in aice le teorainn Gaza leis an Éigipt, agus iad ag iarraidh éalú ó léigear (siege) iomlán Iosrael ar Gaza.

Tá Éire i dteannta na Spáinne, na Beilge agus Málta ag impí ar cheannairí an Aontais Eorpaigh sos cogaidh daonnúil práinneach a lorg in Gaza, dar le RTÉ.

Tá ceannairí an Aontais Eorpaigh ag teacht le chéile sa Bhruiséil níos déanaí an tseachtain seo agus tá súil ag na ceithre thír go bhféadfaí deireadh a chur leis an gcogaíocht in Gaza.

Tá foláireamh tugtha ag oifigigh cúnaimh in Gaza go bhfuil na coinníollacha uafasach anois
Tá foláireamh tugtha ag oifigigh cúnaimh in Gaza go bhfuil na coinníollacha uafasach anois

Táthar ag súil go mbuailfidh an Tánaiste Micheál Martin le hairí gnóthaí eachtracha na mBallstát sínithe eile le linn cruinniú d’airí gnóthaí eachtracha an AE sa Bhruiséil Dé Luain.

Le linn an chruinnithe sin táthar ag súil go leagfaidh an Tánaiste béim ar chomh práinneach is atá an gá le réiteach daonnúil.

Tá foláireamh tugtha ag oifigigh cúnaimh in Gaza go bhfuil na coinníollacha uafasach anois.

D’ardaigh siad imní faoi scaipeadh galair agus an baol go bhféadfadh oll-dhíláithriú (mass displacement) isteach san Éigipt.

Is é an trasnú an t-aon phointe inar tháinig méid beag cúnaimh isteach i nGaza, agus inar ligeadh líon réasúnta beag daoine amach, ó thosaigh an cogadh breis agus dhá mhí ó shin.

Dearbhaítear i litir a shínigh an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannairí na dtrí thír eile go bhfuil creidiúnacht na hEorpa i gceist
Dearbhaítear i litir a shínigh an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannairí na dtrí thír eile go bhfuil creidiúnacht na hEorpa i gceist

Leanann na mílte duine ag teacht ar an teorainn, tar éis orduithe aslonnaithe (evacuation) ó mhíleata Iosrael, ach tá faoiseamh gann agus leanann na hionsaithe aer ar aghaidh sa cheantar.

‘Tá an córas cúram sláinte ag titim as a chéile,’ de réir António Guterres, ard-rúnaí na Náisiún Aontaithe. Dúirt sé nach raibh ‘aon chosaint éifeachtach ag sibhialtaigh in Gaza’.

Dúirt sé freisin go bhfuiltear ag súil go mbrisfidh ‘ord poiblí’ go hiomlán go luath.

Dearbhaítear i litir a shínigh an Taoiseach Leo Varadkar agus ceannairí na dtrí thír eile go bhfuil creidiúnacht na hEorpa i gceist, agus nach n-éascóidh ach sos cogaidh iontráil na leibhéil tacaíochta daonnúla a theastaíonn in Gaza, de réir na tuarascála ó RTÉ.

Táthar ag súil go mbuailfidh an Tánaiste Micheál Martin le na hairí gnóthaí eachtracha eile
Táthar ag súil go mbuailfidh an Tánaiste Micheál Martin le na hairí gnóthaí eachtracha eile

Cuireadh an litir chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí Charles Michel, a bheidh ina chathaoirleach ar chruinniú na seachtaine seo, ag rá go bhfuil cúrsaí in Gaza i bhfad níos measa anois agus go bhfuil sos cogaidh riachtanach.

Cáineann an litir ionsaithe Hamas an 7 Deireadh Fómhair agus tógann sé aitheantas do cheart Iosrael é féin a chosaint, ach deir sé go gcaithfidh sé a bheith de réir an dlí idirnáisiúnta.

Iarrann sé go n-osclófar an dara trasnú teorann isteach in Gaza ag Kerem Shalom chun cabhair dhaonnúil a ligean isteach.

Deir an litir freisin gur cheart don Aontas Eorpach cainteanna síochána idirnáisiúnta a óstáil chun an réiteach dhá stát a athbheochan a luaithe is féidir.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram