Impireacht €49m Ben Dunne … agus an méid a dúirt sé faoi Haughey agus an fuadach (kidnapping)

04/12/2023

Tráth a bháis bhí Ben Dunne, duine de na fir ghnó is cáiliúla in Éirinn, tar éis lear mór airgead a fháil i ngnó agus i maoin

Bhí an fear gnó Ben Dunne, a fuair bás an tseachtain seo caite agus é 74 bliain d’aois, tar éis lear mór airgead gnó agus réadmhaoine (property) de na mílte euro a bhailiú.

Léiríonn taifid (record) chuideachtaí agus réadmhaoine atá ar fáil go poiblí go raibh glansócmhainní comhcheangailte (combined net assets) de bheagán faoi bhun €12m ag gnólachtaí éagsúla an ‘tycoon’ giomnáisiam – ach go ríthábhachtach go raibh siad ag déanamh brabúis bhliantúla na milliúin euro.

Ben Dunne 2
Ben Dunne

Dúirt foinse a bhfuil cur amach acu ar an scéal go bhféadfadh a ghnó pearsanta suas le €36m a thabhairt isteach dá ndíolfaí é mar ghnóthas leantach, tar éis don ghrúpa Dunne brabús €3m a thuairisciú (report) anuraidh.

Chaith an tUasal Dunne agus a bhean chéile, Mary, a saol pósta ar fad ina gcónaí i mbruachbhaile (suburb) iarthar Bhaile Átha Cliath de Chaisleán Cnucha (Castleknock).

Cheannaigh siad 10 n-acra talún ar dtús ar ar thóg siad teach mór teaghlaigh ar a dtugtar Winterwood.

Le blianta beaga anuas bhí an tUasal Dunne ag iarraidh an suíomh 10 n-acra a dhil agus an teach a athfhorbairt mar árasáin. Tá luach measta thart ar €10m ar seo, de réir foinsí.

In 2021 bhog an tUasal Dunne agus Mary suas an bóthar agus cheannaigh siad teach mór ar Bhóthar Chaisleán Cnucha.

Ben dunne agus Mary 1
Ben lena bhean chéile Mary

Bhí sé seo le bheith mar bhaile deiridh an teaghlaigh roimh bhás an Uasail Dunne i Dubai an mhí seo caite. Tá luach margaidh measta idir €2.5m agus €3m ag réadmhaoin Bhóthar Chaisleán Cnucha.

Léiríonn gníomhais réadmhaoine freisin gurb é Ben Dunne an t-aon úinéir ar an dá réadmhaoin agus nach bhfuil aon mhorgáiste liostaithe ar cheachtar acu.

Dá ndéanfaí luach a ghnó agus a thithe a réadú ar an margadh d’fhéadfadh an t-iomlán a bheith thart ar €49m.

Ben dunne agus charlie
Ben le Charlie Haughey

I 1981, fuadaíodh an tUasal Dunne ag an IRA, agus tuairiscí ag an am go n-íocfaí airgead fuascailte agus gur shocraigh Charles Haughey le fear gnó Patrick Gallagher an t-airgead a thabhairt.

Shéan an tUasal Dunne é seo, ag rá: ‘Ní raibh baint ar bith ag Charlie Haughey ná ag Patrick Gallagher leis an airgead fuascailte a bheith á íoc, i mo thuairim, agus is dóigh liom go mbeadh tuairim agam dá mbeadh.’ Cuireadh é i gCaisleán Cnucha an tseachtain seo caite.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram