Fair City le gearradh siar ag RTÉ

03/12/2023

Beidh tionchar ag ciorruithe RTÉ ar Fair City, The Money List le Baz Ashmawy agus Young Offenders

Laghdófar Fair City go trí chlár sa tseachtain de réir mar a d’fhógair RTÉ a gcuid ciorruithe do 2024.

Bhí deacrachtaí airgeadais ag RTÉ i ndiaidh scannail íocaíochta an samhradh seo.

Ó tharla an scannal, tá go leor daoine stoptha ag íoc a dtáille ceadúnais teilifíse, agus €17 milliún nach bhfuil á íoc ag an bpobal.

Déanfar an tríú séasúr de The Money List le Baz Ashmawy a chur siar
Déanfar an tríú séasúr de The Money List le Baz Ashmawy a chur siar

Chun airgead a shábháil, rachaidh Fair City ó chraoladh ceithre oíche sa tseachtain go trí oíche sa tseachtain ó 4 Eanáir.

‘Leanfaimid orainn ag léiriú ceithre chlár in aghaidh na seachtaine ach beidh trí chlár á chraoladh againn,’ a dúirt urlabhraí de chuid RTÉ.

Agus an Rialtas ag fógairt le déanaí go bhfuil soláthar €40 milliún de mhaoiniú eatramhach ar fáil do RTÉ in 2024, ardóidh costais reatha iomlána an chraoltóra in 2024 de bharr roinnt imeachtaí speisialta.

Cuirfear Yong Offenders siar go dtí 2025 freisin
Cuirfear Yong Offenders siar go dtí 2025 freisin

Mar thoradh ar a n-ioncam laghdaitheach, dúirt RTÉ go ndéanfaidh siad ciorruithe €10 milliún ar a laghad ar chaiteachas atá beartaithe do 2024 chun ‘aghaidh a thabhairt ar dhúshláin airgeadais suntasacha láithreacha’.

Áirítear ar na ciorruithe atá fógartha ag RTÉ

1. Gearradh ábhar agus ábhair curtha siar.

2. Clár Scoir Deonach (Voluntary Exit Programme), chun laghdú 40 ar líon na ndaoine ag obair in RTÉ. Déanfar é seo a mhaoiniú le fáltais ó dhíol talún 2017

3. Cosc leanúnach ar earcaíocht

4. Smacht ar chaiteachas roghnach a choinneáil

5. Raon tionscadal caipitil agus straitéiseach a chur siar.

Thug RTÉ faoi deara go ligfidh na ciorruithe costais dóibh na Cluichí Oilimpeacha, Craobhchomórtais Peile na hEorpa, toghcháin áitiúla agus Eorpacha, agus imeachtaí speisialta eile a sheachadadh.

Rachaidh Fair City ó chraoladh ceithre oíche sa tseachtain go trí oíche sa tseachtain ar RTÉ
Rachaidh Fair City ó chraoladh ceithre oíche sa tseachtain go trí oíche sa tseachtain ar RTÉ

Ina theannta sin, déanfar an tríú séasúr de The Money List le Baz Ashmawy a chur siar go dtí 2025. Bhi an dara séasúr den seó déanta in 2023 agus beidh sé ar an aer in 2024.

Cuirfear Yong Offenders siar go dtí 2025 freisin.

Dúirt Kevin Bakhurst, an tArd-Stiúrthóir: ‘Beidh 2024 ina bliain dhúshlánach agus ina bliain ina mbeidh orainn ár mbonn costais a bhainistiú go cúramach.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram