Suíomh idirlín cáinte ag na Gardaí as foilsiú

Tá fear faoi chosaint ag na Gardaí tar éis dó a bheith aitheanta go héagórach mar amhrastach san  onsaí ar Chearnóg Parnell

Tá fear ón Ailgéir faoi chosaint ag na Gardaí mar gur aithníodh go mícheart é mar amhrastach san ionsaí ar bhean agus ar thriúr leanaí i mBaile Átha Cliath.

Tá socruithe speisialta slándála curtha i bhfeidhm tar éis d’ainm agus grianghraf an fhir a bheith curtha suas ar líne, tar éis foilsiú píosa ar shuíomh idirlín Éireannach.

Tá cáineadh déanta ag Gardaí ar an suíomh idirlín a d’fhoilsigh sonraí faoin bhfear mícheart le nasc chuig an ionsaí ar Chearnóg Parnell.

Parnell Square Incident 1
Tá cáineadh déanta ag Gardaí ar an suíomh idirlín a d’fhoilsigh sonraí faoin bhfear mícheart

I ráiteas, dúirt gardaí go raibh an t-alt ar shuíomh idirlín Gript faoin ionsaitheoir ‘an-mhíchruinn’ agus dúirt siad nach ndearnadh teagmháil leo sular foilsíodh an scéal.

Roinneadh an t-alt go forleathan ar na meáin shóisialta tar éis a fhoilsithe oíche Dé Céadaoin.

Níor ainmnigh an t-alt an fear, ina ionad sin bhí cuir síos go mion faoina stádas inimirce in Éirinn le fiche bliain anuas agus cuir síos air mar ‘an príomhamhrastach’ in ionsaí Chearnóg Parnell.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go raibh sé ‘cuí’ gur tógadh síos an t-alt
Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go raibh sé ‘cuí’ gur tógadh síos an t-alt

Tá sé ráite ag an nGarda Síochána áfach nach bhfuil baint ar bith ag an scéal leis an bpríomhamhrastach in imscrúdú na nGardaí ar ionsaí na seachtaine seo caite.

Níl an t-alt ar fáil ar an suíomh Gréasáin a thuilleadh.

Dúirt Preasoifig an Gharda Síochána: ‘Ní dhearna an t-asraon nuachta ar líne teagmháil le Preasoifig an Gharda Síochána roimh fhoilsiú.’

Parnell Square
Roinneadh an t-alt go forleathan ar na meáin shóisialta

Dúirt sé: ‘Tá an Garda Síochána ar an eolas faoi roinnt postálacha meán sóisialta mar thoradh ar an alt.’

I ráiteas, mhaígh eagarthóir Gript, John McGuirk, go raibh a chuid faisnéise faighte ar an suíomh Gréasáin ó gharda agus ansin seiceáil siad ainm an fhir le hoifigeach sinsearach ón Roinn Dlí agus Cirt.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go raibh sé ‘cuí’ gur tógadh síos an t-alt.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram