Shane MacGowan ar shlí an Fírinne

30/11/2023

Dúirt a bhean chéile Victoria Mary Clarke go raibh Shane ‘the measure of my dreams’

Tá Shane MacGowan ar shlí an Fírinne in aois a 65, tar éis tréimhse fhada easláinte.

Dúirt a bhean chéile Victoria Mary Clarke: ‘Beidh Shane i gcónaí mar an solas a shealbhóidh mé romham agus tomhas mo bhrionglóidí (the measure of my dreams) agus grá mo shaoil.’

shane 768x448 1

I mí na Nollag 2022, cuireadh san ospidéal é le einceifilíteas víreasach, agus mar thoradh air sin chaith sé roinnt míonna de 2023 faoi dhianchúram.

Bhí Shane mar phríomhamhránaí agus cumadóir amhrán leis an mbanna punc Ceilteach na Pogues agus ar dhuine de na hamhránaithe agus scríbhneoirí amhrán is mó le rá riamh.

Shroich an t-amhrán is rathúla de chuid The Pogues, Fairytale of New York, le Kirsty MacColl, Uimhir 2 i 1987 agus rinneadh clasaiceach na Nollag de.

Glacadh Shane san ospidéal um Nollaig na bliana seo caite tar éis dó ionfhabhtú (infection) tromchúiseach a fháil ar einceifilíteas víreasach (viral encephalitis) – at (swelling) san inchinn.

Shane MacGowan Victoria Mary Clarke

Le déanaí, phléigh Victoria ‘eagla uafásacha an chaillteanais’ agus í ag postáil íomhá di agus Shane ag pógadh.

‘Is é grá an rud is áille agus is cumhachtaí ar féidir linn a fhulaingt mar dhaoine ach féadann grá a bheith pianmhar freisin go háirithe má bhíonn eagla ort go gcaillfidh tú duine nó aon rud eile a bhfuil grá agat dó,’ a dúirt sí.

‘Is é an dúshlán fíor-mhór atá le sárú againn go léir ná dul thar teorainneacha an ghrá, agus cad is grá ann i ndáiríre.

‘Go minic is féidir cur síos níos cruinne ar an rud ar a dtugaimid grá mar cheangal nó dúil nó riachtanas nó cumha nó gar nó ceangal.

‘Agus tá siad seo go léir fíorluachmhar agus ní mór dúinn gach cuid dár n-eispéireas a admháil agus a thuiscint agus glacadh leis,’ a dúirt sí.

Dúirt Victoria Mary, 57: ‘Ní féidir leat saol a shamhlú gan an duine seo a bhfuil grá agat dó… Is sna tráthanna seo agus tú ag stánadh ar an ‘abyss’ a mbíonn deis agat do chomhfhiosacht a leathnú thar theorainneacha d’intinn.

‘Tá deis agat níos mó a fháil amach fút féin i ndáiríre agus níos mó faoi cé hí d’anam i ndáiríre agus níos mó faoin nasc atá agat leis an duine seo a bhfuil grá agat dó…

‘Bí ag súil le grá, is cuma cad atá ag tarlú i do shaol agus lean ar aghaidh ag tabhairt cuireadh do na haingil agus na treoraithe go léir chun tacú leat agus bíodh a fhios agat gurb é grá an rogha is fearr i gcónaí!’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram