Níl Emily i measc an chéad 13 de na ngiall a scaoileadh saor

23/11/2023

Tá an 13 duine sin sa chéad ghrúpa den 50 de na ngiall a gheall Hamas a scaoileadh ag 2pm Dé hAoine, am na hÉireann

Saorfar an chéad 13 de na ngiall as an 50 atá le saoradh ag Hamas ag 2pm am na hÉireann ar Dé hAoine  – ach níl an cailín Éireannach-Iosraelach Emily Hand ina measc.

Mar sin féin, ní fios an bhfuil sí i measc an 37 duine eile a scaoilfidh Hamas mar gheall ar an sos ss chogadh.

Tá sé ráite ag urlabhraí do Tom Hand, athair Emily, le Nuacht RTÉ nach bhfuil a iníon, atá naoi mbliana d’aois, ar an liosta de na 13 ngiall a bhfuiltear ag súil a scaoilfidh Hamas ar Dé hAoine.

Ní fios an bhfuil Emily  i measc an 37 ngiall eile a scaoilfidh Hamas
Ní fios an bhfuil Emily i measc an 37 ngiall eile a scaoilfidh Hamas

Dúirt an t-urlabhraí nach bhfuil aon eolas acu faoi aon liostaí eile.

Táthar ag súil go scaoilfear na 50 giall thar na ceithre lá atá romhainn.

Táthar ag súil go dtosóidh briseadh na troda in Gaza ag 5am am na hÉireann Dé hAoine agus go mairfidh sé ceithre lá.

Scaoilfidh Iosrael 150 Palaistíneach mar mhalairt ar an 50 ngiall atá á gcoinneáil in Gaza ón 7 Deireadh Fómhair.

Áireoidh sos cogaidh in Gaza sos cogaidh cuimsitheach i dtuaisceart agus i ndeisceart na stráice, a dúirt urlabhraí d’aireacht eachtrach Catar ar Déardaoin.

Tá sé ráite ag urlabhraí do Tom Hand, athair Emily, nach bhfuil a iníon ar an liosta de na 13 ngiall a bhfuiltear ag súil a scaoilfidh Hamas ar Dé hAoine
Tá sé ráite ag urlabhraí do Tom Hand, athair Emily, nach bhfuil a iníon ar an liosta de na 13 ngiall a bhfuiltear ag súil a scaoilfidh Hamas ar Dé hAoine

Dúirt an tUasal Hand cheana féin, ag preasagallamh ag ambasáid Iosrael i Londain, go bhfuil sé ag maireachtáil trí ‘nightmare’ agus gurbh é a ‘chúis le maireachtáil’ é Emily a fháil ar ais.

Dúirt an tUasal Hand: ‘Guím go bhfaighidh mé Emily ar ais.

‘Níl a fhios agam cén riocht ina mbeidh sí, ach beidh sí an-bhriste go meabhrach agus go fisiciúil agus beidh orainn é sin a réiteach.

‘Tógfaidh sé tamall fada é sin a shocrú. Sin a chaithfidh muid a dhéanamh agus déanfaimid é is cuma cé chomh fada a thógann sé.

Emily agus Thomas Hand
Emily agus Thomas Hand

‘Sin é mo phríomhfhócas, mo chúis le maireachtáil agus éirí ar maidin gach lá.’


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram