Tá Ambasadóir na Palaistíne in Éirinn tar éis dul i dteagmháil le Palaistínigh i nGaza le cuidiú leis an cailín óg, Emily Hand, a fháil ar ais.
Tá eagla go bhfuil Emily á choinneáil i nGaza ach anois tá a cás ardaithe le hÚdarás na Palaistíne.
Ceapadh ar dtús gur maraíodh an cailín atá ocht mbliana d’aois. Is iníon í le Tom Hand as Baile Átha Cliath, agus bhí sí gafa in ionsaithe Hamas ar 7 Deireadh Fómhair.
Tá sé ráite ag Ambasadóir na Palaistíne in Éirinn an Dr Jilan Abdalmajid gur ardaigh sí an cás le ceannaireacht na Palaistíne, tar éis cruinniú le Teachtaí Dála agus Seanadóirí chun cogadh Iosrael-Hamas a phlé.
Dúirt an Dr Abdalmajid: ‘D’fhiafraigh roinnt de pharlaiminteoirí na hÉireann an féidir linn aon rud a dhéanamh faoi seo.
‘Ghlac mé an teachtaireacht agus thug mé an teachtaireacht do cheannaireacht na Palaistíne.
‘Tá súil agam go dtabharfar cosaint do na sibhialtaigh ar fad. Tá súil agam go mbeidh an tsíocháin agus an tslándáil i réim sa réigiún.’
Dúirt sí freisin gur ‘tubaiste’ iad na coinníollacha atá le sárú ag daoine in Gaza agus d’iarr sí sos cogaidh.
Dúirt sí dá n-iarrfadh na Stáit Aontaithe ar an gcogadh a stopadh, go n-athródh sé cúrsa na coinbhleachta.
Luaigh sí an ról a bhí ag Meiriceánaigh i mbróicéireacht comhaontú síochána in Éirinn agus dúirt sí gur thug máirseálacha chun tacú leis an bPalaistín dóchas dóibh don todhchaí.
Maraíodh seachtar de mhuintir an Dr Abdalmajid, agus le cúpla lá anuas tá teagmháil caillte aici le daoine eile, rud a dúirt sí atá ina scéal d’aon duine a bhfuil gaolta aici in Gaza.
‘Níl a fhios agam cá fhad a leanfaidh na hIosraeilítigh ag buamáil Gaza agus ag marú sibhialtaigh,’ a dúirt sí.
‘Is teip ar an bpobal idirnáisiúnta é. Is teip i ndáiríre é. Teip ar a ndaonnacht é.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.