D’impigh athair Emily Hand ar Hamas a iníon a thabhairt ar ais go slán, ag rá: ‘Impím ort ar mo ghlúine na leanaí a scaoileadh saor le bhur dtoil.’
Chreid Thomas Hand, atá as Baile Átha Cliath, gur maraíodh Emily, a bheidh naoi mbliana d’aois níos déanaí an mhí seo, san ionsaí ar Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair.
Dúirt rialtas Iosrael leis an teaghlach níos déanaí, áfach, go dtuigeann siad go bhfuil sí á coinneáil mar ghiall (hostage).
Ní fhaca sé Emily ón oíche a bhí sí ag fanacht le cara sa kibbutz i ndeisceart Be’eri, agus dúirt sé, ag an am, gur ‘faoiseamh’ a bhí air nuair a chuala sé go raibh sí bás, tháinig an scéala faoina bás mar ‘faoiseamh’ toisc go mbeadh sé níos measa ná sin dá mbeadh sí gafa ag Hamas in Gaza.
Dúirt an tUasal Hand, a d’fhás aníos i nDún Laoghaire: ‘Ba mhór an scéal é a chloisteáil go bhfuil seans ann go bhfuil sí beo.
‘Ar dtús, nuair a dúirt siad liom gur dócha go raibh sí marbh, b’fhaoiseamh é ar bhealach ach anois caithfidh mé mo smaointe a athrú leis an eolas nua seo agus anois tá súil agam go bhfuil sí beo agus mar sin guímid go dtiocfaidh sí ar ais.
‘Pe chaoi a mbeidh sí briste, is féidir linn í a dheisiú. Níl uainn ach í a fháil ar ais, táimid sásta go bhfuil sí beo,’ a dúirt sé le Virgin Media News.
Is dócha go gceiliúrfaidh Emily, a bhfuil a breithlá ar an 17 Samhain, a naoú breithlá agus í gafa in Gaza.
Dúirt a hathair: ‘Ní bheidh a fhios aici fiú gurb é a breithlá féin é. Ní bheidh cáca, cóisir ar bith ann, ná cairde.’
Agus é ag labhairt go díreach le fuadaitheoirí (kidnappers) a iníon, dúirt an tUasal Hand: ‘Impím oraibh ar ghlúine claonta (bended knees) na leanaí a scaoileadh saor, lena n-áirítear Emily.
‘Cuirimis tús leis na páistí, b’fhéidir na mná níos déanaí, b’fhéidir na seandaoine ina dhiaidh sin. Ní dóigh liom go mbeidh mórán seans againn leis na fir ach ar a laghad na leanaí, ar son Dé!
‘Bíodh daonnacht éigin, trua, mothúcháin dhaonnachtúla de chineál ar bith agaibh, le bhur dtoil. Ba mhaith liom mo chailín a fháil ar ais. Teastaíonn uainn go léir ár bpáistí beaga agus ár leanaí a fháil ar ais.’
Tháinig an nuacht go bhféadfadh Emily a bheith fós beo nuair nach raibh saighdiúirí in ann teacht ar a corp, agus fuarthas amach go raibh fón póca le máthair a cara fós gníomhach in Gaza.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.