Cérbh é an ‘Big Fella’ Ben Dunne

19/11/2023

Ba é an ‘Big Fella’ agus is mór an tionchar a bhí ag Ben Dunne i ngnó agus i bpolaitíocht na hÉireann

Fuair Ben Dunne bás ag aois measartha óg i dtaobh na mblianta ina mairimid – bhí sé 74 bliain d’aois.

Mar sin féin, bhí sé ina ‘Big Fella’, i ngach ciall. Bhí sé ard agus trom, ach freisin bhí sé mór le rá, is mór an náire é an rud a rinne sé i Florida agus ní mór dúinn labhairt faoin fear ina shaol iomlán.

Bhí sé i gcónaí réidh chun tuairim a thabhairt, is cuma cé chomh conspóideach.

Le Charlie Haughey
Le Charlie Haughey

Bhí a shaol ar cheann de na cinn ba ildaite agus ba gheala a chlúdaigh saol an ghnó, na polaitíochta agus an athraithe shóisialta in Éirinn le tamall anuas.

Mar sin féin, ba é a phictiúr a shainmhínigh blianta tosaigh an Tíogair Cheiltigh in Éirinn. Is ‘mugshot’  a bhí ann de Dunne, an stiúrthóir bainistíochta Dunnes Stores, tar éis é a ghabháil ag óstán I Florida.

Tháinig na póilíní air agus é gléasta go páirteach agus ag bagairt léim ó bhalcóin ar an 17ú hurlár tar éis dó ragús cóicín a ghlacadh le coimhdeacht íoctha (paid escort).

Bhí go leor comhbhrón leis ag an am, cé gur beag de sin a tháinig óna mhuintir Dunne féin.

Chuir an náire isteach orthu agus díbríodh as an gcomhlacht a bhunaigh a n-athair é.

Ben lena bhean Mary
Ben lena bhean Mary

Cheap go leor daoine go bhféadfaí a iompar ag an am a mhíniú leis na hiarmhairtí síceolaíochta buana a bhain lena fhuadach (kidnap) ag an IRA 11 bhliain roimhe sin, nuair nach raibh a fhios ag Dunne an mairfeadh sé nó an bhfaigheadh sé bás.

Tháinig laghdú ar go leor den chomhbhrón sin de réir mar a chuir scannail eile isteach air i rith na nóchaidí.

In 2011, bhí Binse Moriarty mar thoradh ar a chuid déileálacha leis an TD Michael Lowry, iar-aire Rialtais de chuid Fhine Gael.

Ag an bínse fiosrúcháin
Ag an bínse fiosrúcháin

Is é a dúirt Moriarty: ‘What was contemplated and attempted on the part of Mr Dunne and Mr Lowry was profoundly corrupt to a degree that was nothing short of breathtaking.’

Ina theannta sin thug sé síntiúis iolracha don iar-Thaoiseach Charles Haughey, timpeall £1.2 milliún san iomlán.

Sa deireadh léirigh focail buíochais Haughey do Dunne na caidrimh rúnda idir an pholaitíocht agus an gnó mó:

‘Thanks [a million], Big Fella.’

In ainneoin a dhíbirt ón gcomhlacht teaghlaigh, ceann de na cuideachtaí is cáiliúla agus is saibhre in Éirinn, bhí Ben Dunne sásta tosú arís.

Ar ndóigh, chabhraigh an t-airgead a íocadh dó, as a sciar den ghnó – bhí sé idir £100 milliún agus 150 milliún.

Sheol sé comhlacht an-rathúil giomnáisiam, ar a raibh a ainm féin, agus d’athchruthaigh sé caidreamh pearsanta lena mhuintir.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram