Sí chic! Cruthaíonn Bea ‘buzz’ i measc na bhfear in GQ

Is iad Aisling Bea agus Andrew Scott na réaltaí Éireannacha a sheasann amach ag gradaim GQ

Oíche a bhí ann d’fhir de chuid GQ – go dtí gur tháinig an t-aisteoir Éireannach Aisling Bea amach chun iad go léir a chur ina n-áit.

Gradaim Fir na Bliana GQ na Breataine (British GQ Men of the Year Awards)
Gradaim Fir na Bliana GQ na Breataine (British GQ Men of the Year Awards)

Déanann iris GQ ceiliúradh ar gach rud fireannach agus gach rud ceoil – agus go leor eile ina theannta sin – agus tá Gradaim Fir na Bliana GQ na Breataine (British GQ Men of the Year Awards) ceaptha chun fir a cheiliúradh.

Mar sin féin ba í Aisling an bhean cheart i measc lucht leanúna GQ, a tháinig ann chun a thaispeáint go raibh tábhacht ar leith ag baint leis an stíl a bhí aici ag an ócáid ​​i Royal Opera House Londain.

Aisling Bea
Aisling Bea

Ba é an 26ú bliain d’imeacht GQ a cheiliúrann réaltaí faisin, polaitíochta, siamsaíochta agus spóirt.

Do na fir rinne Andrew Scott ionadaíocht d’Éirinn agus bhí Jeremy Allen White, Ncuti Gatwa agus Boygenius ann freisin.

D’fhéach an t-aisteoir as Baile Átha Cliath Andrew Scott thar a bheith deas i gculaith (suit) Valentino, le léine íseal, dath liathchorcra (mauve) air, agus slabhraí tanaí óir (thin gold chains) ina iomlán.

Agus in éineacht le hAisling Bea i measc na mban ag na gradaim GQ bhí Daisy Edgar Jones agus Emma Corrin.

Andrew Scott
Andrew Scott

Bhí cuma  ‘chic’ ar Aisling, an bhean ghrinn as Cill Dara, i gculaith veilbhit ghorm (blue velvet suit) le barr dubh ar an stíl ‘bustier’.

Tá Andrew i measc na n-ainmnithe do British Independent Film Awards (BIFAs).

Bhí sé sa scannán All Of Us Strangers a rinne Andrew Haigh, agus ainmníodh Andrew – a bhfuil clú agus cáil air mar The Priest in Fleabag – don Léiriú is Fearr (Best Lead Performance).

Cruthaíodh BIFA i 1998 agus ó shin i leith tá tallainne neamhspleách agus scannánaíochta a cheiliúradh agus a chur chun.

Fógrófar na buaiteoirí ag searmanas BIFA Dé Domhnaigh 3 Nollaig.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram