Tá grúpa saoránach agus cleithiúnaithe (dependents) Éireannacha tar éis tosú ag déanamh a mbealach tríd an teorainn Rafah ó Gaza isteach san Éigipt, de réir shuíomh idirlín nuachta RTÉ.
Tá sé ráite ag Ibrahim Alagha, atá ag teitheadh ó Gaza lena theaghlach, go bhfuil siad ar a mbealach tríd an ‘crossing’, áit a bhfuil siad i scuaine ó 7am am áitiúil (5am am na hÉireann).
Ag labhairt dó ar Morning Ireland ar RTÉ, dúirt an tUasal Alagha gur cheap sé ar dtús go raibh an teorainn dúnta, ach ag 10.20am am áitiúil (8.20am am na hÉireann) thosaigh siad ag bogadh tríd.
I ráiteas ar maidin, dúirt an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhfuil ‘an chéad ghrúpa de shaoránaigh agus cleithiúnaithe Éireannacha ag dul amach trí thrasbhealach Rafah ó Gaza isteach san Éigipt inniu.
‘Tá socruithe i bhfeidhm d’fhoireann Ambasáid na hÉireann i gCaireo bualadh leo agus cúnamh agus tacaíocht chonsalachta a sholáthar dóibh, lena n-áirítear taisteal ar aghaidh go hÉirinn.’
Táthar ag súil, tar éis don chéad ghrúpa Éireannach dul amach, go gceadófar níos mó daoine amach go luath ina dhiaidh sin.
“Táimid ag súil go mbeidh saoránaigh agus cleithiúnaithe breise Éireannacha in Gaza ar an liosta sna laethanta amach romhainn,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
Bhí thart ar 35-40 saoránach Éireannach agus a gcleithiúnaithe (dependents) gafa sa chríoch ó tháinig méadú ar an gcoimhlint le seachtainí beaga anuas.
Thaistil an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go dtí an Éigipt.
Le linn a chuairte ar an Meánoirthear, tabharfaidh an tUasal Martin cuairt freisin ar Iosrael agus ar an mBruach Thiar (West Bank) sa Chríoch Palaistíneach faoi fhorghabháil áit a bhfuil súil aige bualadh le hUachtarán na Palaistíne, Mahmoud Abbas.
Rachaidh sé i ngleic freisin ar chás Emily Hand, an ghiall Éireannach-Iosraelach, atá 8 mbliana d’aois.
Tá athair Emily, Tom Hand, in Éirinn an tseachtain seo áit ar chas sé leis an Uachtarán Micheál D hUigínn, leis an Taoiseach agus leis an Tánaiste.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.