Seans go n-éireoidh roinnt Éireannach amach as Gaza chomh luath is inniu, Dé Céadaoin, de réir tuairisce ar shuíomh Nuacht RTÉ.
Cuireadh in iúl do shaoránaigh Éireannacha in Gaza go bhféadfadh a n-ainmneacha a bheith ar an liosta de na daoine a ligfear amach don Éigipt Dé Céadaoin trí thrasbhealach (crossing) Rafah.
Táthar ag súil, tar éis don chéad ghrúpa Éireannach dul amach, go gceadófar níos mó daoine amach go luath ina dhiaidh sin.
“Táimid ag súil go mbeidh saoránaigh agus cleithiúnaithe breise Éireannacha in Gaza ar an liosta sna laethanta amach romhainn,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne Gnóthaí Eachtracha.
Agus tá sé curtha in iúl don Rialtas go bhfuiltear ag súil go mbeidh ar a laghad teaghlach Éireannach amháin ar an liosta chun Gaza a fhágáil ar Dé Céadaoin agus ag trasnú Rafah idir Gaza agus an Éigipt má bhíonn sé oscailte.
Tá thart ar 35-40 saoránach Éireannach agus a gcleithiúnaithe (dependents) gafa sa chríoch ó tháinig méadú ar an gcoimhlint le seachtainí beaga anuas
Thaistil an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin go dtí an Éigipt.
I ráiteas, dúirt urlabhraí don Roinn Gnóthaí Eachtracha: ‘Tuigeann an Roinn Gnóthaí Eachtracha go bhféadfadh roinnt saoránach Éireannach a bheith ar an liosta le haghaidh imeacht as Gaza Dé Céadaoin.
‘Leanaimid de bheith i dteagmháil lenár saoránaigh in Gaza de réir mar a thagann an cás casta seo chun cinn.’
Is é Saeed Adli Sadeq, atá 21 bliain d’aois, duine na daoine atá ag iarraidh éalú ach níl a fhios acu fós cé atá ar an liosta.
Tá sonraí teoranta maidir le cé mhéad saoránach Éireannach a d’fhéadfadh imeacht trí thrasbhealach Rafah.
Níl aon Éireannach ar an liosta ó tháinig méadú ar an gcoimhlint agus mhol roinnt Teachtaí Dála ón bhfreasúra, Paul Murphy ó People Before Profit ina measc, go raibh Éire á phionósú as a gcáineadh ar Iosrael.
Tá sé ráite ag an Taoiseach Leo Varadkar nach bhfuil aon eolas aige a thacódh leis an moladh go bhfuil pionós á ghearradh ar Éirinn as sos cogaidh daonnúil a iarraidh láithreach.
Le linn a chuairte ar an Meánoirthear, tabharfaidh an tUasal Martin cuairt freisin ar Iosrael agus ar an mBruach Thiar (West Bank) sa Chríoch Palaistíneach faoi fhorghabháil áit a bhfuil súil aige bualadh le hUachtarán na Palaistíne, Mahmoud Abbas.
Rachaidh sé i ngleic freisin ar chás Emily Hand, an ghiall Éireannach-Iosraelach, atá 8 mbliana d’aois.
Tá athair Emily, Tom Hand, in Éirinn an tseachtain seo áit ar chas sé leis an Uachtarán Micheál D hUigínn, leis an Taoiseach agus leis an Tánaiste.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.