Tá ócáid mhór bhliantúil Chonradh na Gaeilge do scoileanna eagraithe anois – agus tá Lá Gaeilge24 linn inniu.
Cheana féin tá 300 scoil agus 30,000 dalta ag fáil réidh le páirt a ghlacadh i lá iomlán de chaint agus craic as Gaeilge.
Agus sin an aidhm – Gaeilge a labhairt an lá ar fad ar Lá Gaeilge24, atá ar siúl inniu, Dé Máirt, 14 Samhain. Agus cuimhnigh, tá labhairt na Gaeilge tábhachtach – ach tá sé chomh tábhachtach taitneamh a bhaint as freisin.
Tá an eolas ar fad faoi ar fail ar www.cnag.ie/Gaeilge24
‘Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh chun labhairt as Gaeilge amháin ar feadh 24 uair a’ chloig: sa bhaile, ar scoil, le siopaí agus gnólachtaí, timpeall an bhaile, sa chlub spóirt agus le cairde,’ a deir Conradh na Gaeilge.
‘Cuideofar le haigne na ndaoine óga a spreagadh agus eispéireas dearfach a thabhairt dóibh maidir le húsáid na Gaeilge ina saol féin.’
Deir said freisin go bhfuil fás agus forbairt i gcónaí ag teacht ar Gaeilge24 agus anois tá sé ar cheann de na himeachtaí scoile is spreagúla ar bhonn náisiúnta le linn an chéad téarma.
Agus deir Conradh na Gaeilge go bhfuil trí bhunchúis go mbainfidh daltaí scoile leas as an lá spraoi seo:
Cabhróidh La Gaeilge 24 le gach dalta sinsearach atá ag ullmhú don scrúdú béil (ar fiú 40% de mhóriomlán na marcanna san Ardteist anois é). Cuirfidh lá iomlán de labhairt as Gaeilge go mór le stór focal dalta ar bith.
Is deis faoi leith í an Ghaeilge a thógáil amach ón seomra ranga Gaeilge. D’fhéadfaí ábhair scoile eile a mhúineadh trí Ghaeilge, nó Lá Spóirt nó turas a eagrú trí Ghaeilge.
Déantar normalú ar an teanga trí nasc a chruthú le gnóthaí agus le siopaí le Gaeilge, le grúpaí Gaeilge áitiúla, agus le seirbhísí stáit le Gaeilge. Is deis iontach í a thaispeáint gur féidir le duine ar bith a saol a chaitheamh trí Ghaeilge.
Tá gach eolas faoi ar fail anseo: www.cnag.ie/Gaeilge24
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.