Tá an-mholadh á thabhairt do ExtraG.ie – agus ní hamháin ón líon méadaitheach léitheoirí a úsáideann an suíomh gréasáin gach lá.
Tá an suíomh idirlín nuachta, spóirt agus siamsaíochta Gaeilge, a thugann cúrsaí reatha os comhair a léitheoirí, ainmnithe do mhórghradam.
Agus níl san ainmniúchán do ExtraG.ie ach ceann amháin den 18 n-ainmniúchán atá faighte ag DMG Media sna Gradaim Iriseoireachta NewsBrands, a bheidh ar siúl ar an 15 Samhain.
Tá ExtraG.ie ainmnithe do Nuálaíocht Dhigiteach na Bliana (Digital Innovation of the Year).
Chomh maith leis sin tá iriseoirí an Irish Daily Mail agus an Irish Mail on Sunday ainmnithe do chatagóirí lena n-áirítear Iriseoireacht Feachtasaíochta (Campaigning Journalism), Colúnaí na Bliana (‘Popular’) agus Scúp na Bliana.
Bronnadh cúig ainmniúchán ar Michael O’Farrell as an Irish Daily Mail/Mail on Sunday’ – Iriseoir Gnó na Bliana, Iriseoireacht Feachtasaíochta (Campaigning Journalism), Iriseoir ‘Features’ na Bliana (‘Popular’), Iriseoireacht iniúchta (investigative journalism) agus Iriseoir Polaitiúil na Bliana.
Fuair Niamh Walsh dhá ainmniúchán le haghaidh Iriseoireacht Feachtasaíochta agus Iriseoir na Bliana (Showbiz), agus tá John Lee, Mark Gallagher, Mary Carr agus Shane McGrath ainmnithe do Cholúnaí na Bliana (‘Popular’).
Tá an tUasal Lee ainmnithe freisin mar Iriseoir Polaitiúil na Bliana.
Tá Maeve Quigley in éineacht le Michael O’Farrell agus í ainmnithe d’Iriseoir ‘Features’ na Bliana, agus tá agallamh Gareth MacNamee le tuismitheoirí Boy B, a bhí ar dhuine de bheirt dhéagóir a ciontaíodh i ndúnmharú Ana Kriegel, ainmnithe do Scúp na Bliana.
Maidir le Spórt, tá Philip Lanigan agus Shane McGrath ainmnithe do Scríbhneoir Spóirt na Bliana, agus tá DMG Media Ireland ainmnithe do Nuálaíocht Dhigiteach na Bliana le ExtraG.ie.
Cuireadh ExtraG.ie in aithne do léitheoirí Gaeilge ag tús na bliana chun cabhrú le daoine an Ghaeilge atá acu a úsáid trí scéalta suimiúla a léamh i nGaeilge shimplí.
Fuair iris Business Plus, de chuid DMG Media, ainmniúchán freisin do Nuálaíocht Dhigiteach na Bliana.
Chuir Paul Henderson, Príomhfheidhmeannach DMG Media, an-áthas in iúl as na 18 n-ainmniúchán.
‘Ag DMG Media, creidimid go bhfuil iriseoireacht ghairmiúil, ábhar iontach agus nuálaíocht ag croílár gach rud a ndéanaimid,’ a dúirt an tUasal Henderson.
‘Mar fhoilsitheoir ilmheán tá áthas orainn go bhfuil muid ar an ngearrliosta do 18 ngradam i nGradaim Iriseoireachta 2023.’
Seo a leanas liosta iomlán na n-ainmnithe atá ag DMG Media do Ghradaim Iriseoireachta NewsBrands:
Michael O’Farrell, Irish Mail on Sunday – Iriseoir Gnó na Bliana
Michael O’Farrell, Irish Mail on Sunday/Irish Daily Mail – Iriseoireacht Feachtasaíochta
Niamh Walsh, Irish Daily Mail/Irish Mail on Sunday – Iriseoireacht Feachtasaíochta
John Lee, DMG – Colúnaí na Bliana (‘Popular’)
Mark Gallagher, Irish Daily Mail – Colúnaí na Bliana (‘Popular’)
Mary Carr, Irish Daily Mail – Colúnaí na Bliana (‘Popular’)
Shane McGrath, Irish Daily Mail & Irish Mail on Sunday – Colúnaí na Bliana (‘Popular’)
Maeve Quigley, Irish Daily Mail – Iriseoir ‘Features’ na Bliana (‘Popular’)
Michael O’Farrell, Irish Mail on Sunday – Iriseoir ‘Features’ na Bliana (‘Popular’)
Michael O’Farrell, Irish Mail on Sunday – Iriseoireacht iniúchta
John Lee, DMG Media Ireland – Iriseoir Polaitiúil na Bliana
Michael O’Farrell, Irish Mail on Sunday – Iriseoir Polaitiúil na Bliana
Niamh Walsh, Irish Mail on Sunday – Iriseoir na Bliana (‘Showbiz’)
DMG Media Ireland, ExtraG.ie – Nuálaíocht Dhigiteach na Bliana
BusinessPlus.ie: ‘Content that Matters’ – Nuálaíocht Dhigiteach na Bliana
Gareth MacNamee, Irish Daily Mail – Scúp na Bliana
Philip Lanigan, Irish Mail on Sunday & Irish Daily Mail – scríbhneoir Spóirt na Bliana (‘Popular’)
Shane McGrath, Irish Mail on Sunday & Irish Daily Mail – scríbhneoir Spóirt na Bliana (‘Popular’)
Chun liosta iomlán na n-ainmniúchán do Ghradaim Iriseoireachta NewsBrands 2023 a fheiceáil, cliceáil ANSEO.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.