Laghdaíodh an Stádas Dearg go Stádas Buí ar maidin inniu ag Met Éireann – ach bhí sé sin tar éis go raibh cuid mhór den tír a bheith trína chéile.
Thosaigh busanna agus traenacha agus an Luas thart ar 10rn ach bhí moill fós.
Bhí síneadh curtha ag Met Éireann cheana féin ar an rabhadh Stádas Dearg ((Status Red) maidir le Storm Debi. Chlúdaigh sé 12 contae lena n-áirítear Baile Átha Cliath chomh maith le Cill Dara, Laoise, Lú, an Mhí, Cill Mhantáin, Uíbh Fhailí agus an Iarmhí (Dublin, Kildare, Laois, Louth, Meath, Wicklow, Offaly agus Westmeath).
Cheana féin bhí an rabhaidh Stádas Dearg i bhfeidhm don Chlár, oirthear na Gaillimhe agus deisceart Ros Comáin agus Uíbh Fhailí (Offaly).
Mar gheall ar sin:
Bhí rabhadh tugtha ag Met Éireann freisin faoi ‘chontúirt a d’fhéadfadh a bheith ann don bheatha (threat to life)’ agus iad ag tabhairt a rabhadh gaoithe ar an leibhéal is airde do dhaoine i 12 chontae.
Eisíodh rabhaidh ar leith níos luaithe d’oileán na hÉireann mar go bhfuil sé tuartha go dtabharfaidh Debi tréimhse nua báistí trom agus gaotha láidre isteach.
Táthar ag súil go go mbeidh an tír trína chéile mar go bhfuil rabhadh (warning) aimsire láidir ó Met Éireann.
Tá an chuma ar an scéal go leanfaidh drochaimsir 2023 ar aghaidh sna laethanta amach romhainn tar éis roinnt seachtainí báistí as a dtáinig tuilte ar fud na tíre.
Chuir stoirmeacha scrios ar go leor ceantar go háirithe i gCorcaigh áit a bhfuil costais ollmhóra le sárú ag clubanna spóirt, gnó agus tithe chun íoc as an téarnamh.
Mar sin féin, is cosúil nach mbeidh aon deireadh leis faoi láthair. Agus an náisiún fós ag téarnamh ó Storm Babet agus Storm Ciaran, thug Met Éireann le fios go dtiocfaidh Storm Debi Dé Luain.
Bhí rabhadh gaoithe Stádas Oráiste eisithe cheana féin do Cheatharlach, Baile Átha Cliath, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, Longfort, Lú, an Mhí, Uíbh Fhailí, an Iarmhí, Cill Mhantáin, an Clár, Ciarraí, Luimneach, Tiobraid Árann agus Gaillimh (Carlow, Dublin, Kildare, Kilkenny, Laois, Longford, Louth, Meath, Offaly, Westmeath, Wicklow, Clare, Kerry, Limerick, Tipperary agus Galway).
Táthar ag súil go mairfidh sé go dtí meán lae ar a laghad. Ina theannta sin, tiocfaidh stoirmeacha le gaotha troma agus millteach.
I measc tionchair na stoirme tá súil ann go mbeidh damáiste d’fhoirgnimh agus struchtúir nochtaithe agus leochaileacha (exposed and vulnerable), coinníollacha contúirteacha taistil do thiománaithe, cur isteach ar sheirbhísí agus damáiste do línte cumhachta.
Ina theannta sin, tá an tír ar fad faoi Rabhadh Buí gaoithe agus báistí ó mheán oíche go dtí 3pm Dé Luain.
Dúirt Met Éireann: ‘Beidh sé an-gaofar nó stoirmiúil ó oíche Dé Domhnaigh agus Dé Luain mar gheall ar Stoirm Debi, in éineacht le báisteach throm le seans stoirmeacha toirní agus clocha sneachta.’
Dúirt Met Éireann freisin gur cheart dúinn a bheith ar an eolas faoi chrainn agus brainsí tite, tuilte i gceantair áitiúla agus go n-áirítear tonnta ag teacht ar an talamh i gceantair chósta.
D’eisigh an Met Office a chlúdaíonn Tuaisceart na hÉireann Rabhadh Buí don ghaoth agus don bháisteach d’Aontroim, d’Ard Mhacha, don Dún, d’Fhear Manach, do Thír Eoghain agus do Dhoire (Antrim, Armagh, Down, Fermanagh, Tyrone agus Derry) a bheidh i bhfeidhm ó 3am go 2pm Dé Luain.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.