Seans go n-iarrfaidh Fine Gael ar an bhfeachtasóir Gaeilge Barry Ward seasamh i dtoghcháin na hEorpa toisc nach bhfuil Frances Fitzgerald ag seasamh arís
D’fhéadfadh go n-iarrfadh Fine Gael ar dhuine de lucht tacaíochta na Gaeilge is mó de chuid an pháirtí seasamh do thoghcháin na hEorpa an bhliain seo chugainn tar éis do Frances Fitzgerald a fhógairt go bhfuil sí ag éirí as, de réir tuairisce ó RTÉ.
Tacadóir na Gaeilge: Seanadóir Barry Ward
Tá an Seanadóir Barry Ward, as deisceart Bhaile Átha Cliath, ina measc siúd atá á bplé, laistigh d’Fhine Gael, mar iomaitheoir féideartha, le cur san iomaíocht ar suíochán atá ag Frances Fitzgerald faoi láthair.
Is abhcóide é an Seanadóir Ward agus tá sé ina bhall den Seanad ó 2020 i leith.
Is urlabhraí an tSeanaid é de chuid Fhine Gael ar Dlí agus Cirt, agus labhair sé amach go minic ag tacú le breis maoinithe don Ghaeilge.
Is iar-thánaiste agus iar-Aire Dlí agus Cirt í Ms Fitzgerald. Toghadh í mar MEP do Bhaile Átha Cliath in 2019.
Frances Fitzgerald
I ráiteas, dúirt sí: ‘Le seachtainí beaga anuas rinne mé machnamh ar Thoghcháin Pharlaimint na hEorpa 2024 agus chinn mé nach rachaidh mé san iomaíocht i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath arís.’
Thug an Taoiseach Leo Varadkar ómós di agus dúirt sé go raibh ‘onóir’ air nuair a d’aontaigh sí fónamh mar tánaiste nuair a toghadh é féin mar thaoiseach in 2017.
Dúirt sé: ‘Agus í ag éirí as an gComh-Aireacht (Cabinet) níos déanaí an bhliain sin, rinne sí amhlaidh gan staonadh ar a shon féin chun olltoghchán neamhriachtanach a sheachaint.
‘Léiríodh go raibh sí ceart (vindicated) as an seasamh agus a gníomhartha sin, ina dhiaidh sin an bhliain dár gcionn,’ a dúirt sé.
Frances Fitzgerald agus Barry Ward
I dteachtaireacht ar a leathanach Facebook, dúirt an Seanadóir Ward: ‘Is oth liom cinneadh Frances Fitzgerald gan dul san iomaíocht sna Toghcháin Eorpacha an bhliain seo chugainn a chloisteáil.
‘Beidh aithne ag an gcuid is mó daoine ar Frances as cearta na mban a chur chun cinn, as a slí bheatha shuntasach neamhleithscéalach sa tseirbhís phoiblí, agus faoina héifeachtúlacht mar aire agus mar MEP.
‘Domsa, ba cheannaire flaithiúil, meantóir cineálta agus cara dílis í.’
Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuigConradh na Gaeilgeagus Foras na Gaeilge.