Tá Coimisinéir Drew Harris ag iarraidh ceamaraí luais socair (static speed cameras) a thabhairt isteach mar gheall ar líon méadaitheach básanna ar na bóithre.
Fuair 165 daoine bás ar bhóithre go dtí seo i mbliana agus dúirt an Taoiseach Leo Varadkar gur ‘ábhar imní ollmhór’ é sin.
Dúirt Coimisinéir na nGardaí go gcuirfí feabhas ar infrastruchtúr gaiste luais (speed traps), lena n-áirítear ceamaraí socair a thabhairt isteach, agus úsáid níos leithne a bhaint as ceamaraí meánluais (average speed cameras).
Dúirt an tUasal Harris le coiste Oireachtais go gcaithfear níos mó a dhéanamh chun dul i ngleic leis an ardú ar bhás tiománaithe, paisinéirí agus coisithe.
Dúirt sé: ‘Caithfidh muid dearcadh tiománaithe a athrú maidir leis an luas atá á dhéanamh acu ar an mbóthar agus maidir le tiomáint faoi thionchar [alcóil nó drugaí].’
Tá níos mó daoine tar éis bás a fháil ar na bóithre go dtí seo i mbliana ná mar a bhí in 2022 ar fad, agus 39 bás níos mó ná mar a bhí ag an bpointe céanna anuraidh.
Agus é ag tabhairt aghaidh ar cheisteanna ó Theachtaí Dála agus ó sheanadóirí, dúirt an tUasal Harris go bhféadfadh ‘difríocht mhór’ a dhéanamh trí úsáid a bhaint as ceamaraí luais agus nach bhfuil sé fíor a rá go bhfuil baint aige seo le breis airgead a dhéanamh trí fhíneálacha.
Dúirt sé: ‘Tá €1.2 milliún breise infheistithe againn ar na veaineanna GoSafe don chuid eile den bhliain go dtí seo agus méadóidh an conradh do na veaineanna an bhliain seo chugainn. Tá plean ann maidir le cá háit a gcuirfear na veaineanna sin.
‘Ach ba mhaith liom é seo a thabhairt níos faide ó thaobh ceamaraí luais socair a fhorbairt agus ceamaraí meánluas socair a úsáid freisin.
‘Níl ach cúpla ceantar sa tír atá clúdaithe leis na ceamaraí meánluas agus déanann siad difríocht mhór.
‘Ach is dóigh liom go mbeidh muid ag iarraidh an bonneagar (infrastructure) a leathnú agus is féidir é sin a dhéanamh le ceamaraí shealadacha agus tá an teicneolaíocht ann agus beidh muid ag iarraidh é a chur i bhfeidhm.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.