Cháin Donald Trump an breitheamh ina thriail calaoise sibhialta (civil fraud trial) i Nua-Eabhrac ar Dé Céadaoin, agus dúirt sé leis: ‘Fág mo pháistí as an scéal.’
Táthar ag súil go mbeidh Donald Jr, 45, agus a dheartháir níos óige, Eric Trump, 39, ina bhfinnéithe an tseachtain seo sa triail le haghaidh calaoise airgeadais.
Cuireann an triail impireacht ghnó an iar-uachtarán i mbaol.
Cháin an tUasal Trump, a bhfuiltear ag súil leis a bheith ina iarrthóir uachtaránachta ar pháirtí Poblachtach an bhliain seo chugainn, an Breitheamh Arthur Engoron, atá ag éisteacht leis an gcás.
I sraith post ar a ardán Truth Social, thug Trump ‘hack pholaitiúil’ ar an mbreitheamh atá ‘ag déanamh na hoibre salach don Pháirtí Daonlathach’.
‘Tá Engoron craiceáilte, agus contúirteach,’ a dúirt an t-iaruachtarán atá 77 bliain d’aois. Is ábhair náire thú do ghairm an dlí!’
Tá a bheirt mhac ina leas-uachtaráin feidhmiúcháin ar an Trump Organisation, líonra cuideachtaí a bhainistíonn oifige, óstáin agus cúrsaí gailf ar fud an domhain.
Chuir an tArd-Aighne Stáit i Nua-Eabhrac Letitia James i leith na ndeartháireacha – agus a n-athair – as luach shócmhainní an ghrúpa a mhéadú go calaoiseach leis na billiúin dollar chun iasachtaí bainc agus téarmaí árachais níos fabhraí a fháil.
Féadfar an tUasal Trump féin a cheistiú ar Dé Luain.
Féadfaidh iníon an iar-uachtarán, Ivanka Trump, a d’fhág an Trump Organisation in 2017 chun dul isteach sa Teach Bán mar chomhairleoir dá hathair, dhá lá ina dhiaidh sin.
Ní cosantóir í sa chás ach bhí baint aici le gnó an teaghlaigh roimhe seo.
Ghlac Donald Jr agus Eric Trump smacht ar an Trump Organisation nuair a chuaigh a n-athair isteach sa Teach Bán agus ní dócha go n-imeoidh siad ón argóint a ghlac dlíodóirí cosanta an teaghlaigh ó thosaigh an triail mí ó shin.
Dearbhaíonn siad go raibh na luachálacha suibiachtúla ar shócmhainní an ghrúpa, mar Trump Tower agus foirgneamh ag 40 Wall Street, ceart agus níor chaill na bainc aon iasacht airgid don Eagraíocht Trump.
Ní baol don iar-uachtarán dul chun príosúin sa triail calaoise, ach tá suas le $250 milliún i bpionóis ann.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.