Tá sé ráite ag iar-amhránaí Slade, Noddy Holder, go raibh sé níos buartha dá theaghlach nuair a tugadh an scéala dó go raibh sé mhí fágtha aige le maireachtáil.
Diagnóisíodh an t-amhránaí agus cumadóir amhrán, atá fós beo agus é 77 bliain d’aois, le hailse éasafagach (oesophageal cancer) cúig bliana ó shin.
Le sin cuireadh ar fhoirm thurgnamhach (experimental) cóireála ceimiteiripe (chemotherapy treatment) é, nár baineadh triail as roimhe sin ar aon duine os cionn 60 bliain d’aois.
Ag labhairt dó faoina imoibriú ar an diagnóis, lena bhean Suzan Holder ar an seó Jeremy Vine ar Channel 5 le Alexis Conran, dúirt Holder: ‘Bhí mé níos buartha faoi mo theaghlach, faoin gcaoi a raibh siad chun freagairt, ná mar a bhí mé féin i ndáiríre.
‘Chuaigh mé go dtí an t-ospidéal Christie i Manchain (Manchester) faoi dheireadh agus dúirt mé, “Bhuel an é sé mhí atá agam? An é sin é? An é sin deireadh na líne?”
‘Agus dúirt siad, “Bhuel, is é an t-aon rogha atá agat ná cóireáil thurgnamhach nár bhaineamar triail astu riamh roimhe seo, d’éirigh go maith linn le 12 mhí anuas leis, ach níor bhaineamar triail as riamh ar duine ar bith os cionn 60’… mar bhí bheadh sé an-deacair orthu.”
‘Ar seisean, “Ach d’fhéadfadh do dhearcadh dearfach (positive outlook) agus d’intinn láidir cabhrú leat, agus an bhfuil tú sásta an triail a chur ar siúl?” agus dúirt mé, “Bhuel, cén rogha atá agam i ndáiríre?…”
‘Agus bhain mé triail as. Bhí sé deacair, an-deacair, ach cúig bliana ina dhiaidh sin tá mé fós anseo.’
Dúirt Holder gur choinnigh sé a chóireáil ailse ina rún ar feadh cúig bliana mar ‘níor theastaigh an aire’ uaidh.
Dúirt Bean Uí Holder gur dhéileáil sé leis an ailse le ‘greann iontach maith agus crógacht (courage)’.
‘Mar sin tá sé dochreidte dó a bheith anseo cúig bliana ina dhiaidh sin, ní hé an áit a cheapamar a raibh muid chun a bheith ach tá sé thar cionn.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Go dtí 1992, Holder chun tosaigh ar an rac-bhanna Slade, le clú ar go leor “singles” cáiliúla mar Cum On Feel the Noize, Merry Xmas Everybody, Coz I Luv you, My Oh My agus Far Away.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.