Tá na milliúin euro mar mhaoiniú éigeandála á lorg ag an Peter McVerry Trust ón Stát. Tá an charthanacht tithíochta ag iarraidh déileáil le géarchéim airgeadais a bhfuil bagairt uirthi go mairfidh sí.
Scríobh an carthanas, atá ar cheann de na soláthraithe lóistín do dhaoine gan dídean is mó sa tír, chuig an Roinn Tithíochta le cúpla lá anuas ag lorg an mhaoinithe, de réir tuarascála san Irish Times.
Tá fadhbanna tromchúiseacha ag an gcarthanas maidir le airgid agus fiacha suntasacha agus tháinig sé gar do titim as a Chéile le míonna beaga anuas.
Dheimhnigh urlabhraí na Roinne go bhfuair siad litir ón gcarthanacht Dé hAoine seo caite.
Bhí grúpa oifigeach ón Roinn agus an Dublin Region Homeless Executive (DRHE), a bunaíodh mar fhreagra ar an ngéarchéim sa charthanacht, ag breithniú an iarratais, a dúirt sé.
Tuigtear go mbeidh cruinniú ag oifigigh an tseachtain seo chun an t-iarratas ar mhaoiniú éigeandála ón gcarthanas a phlé.
Ní dheimhneodh ceachtar den Roinn, an DRHE, nó Peter McVerry Trust cá mhéad a d’iarr an charthanacht ar.
Tá dliteanais (liabilities) chreidiúnaithe trádála de níos mó ná €6 milliún ag an gcarthanas, chomh maith le bille mór Ioncaim de €8.3 milliún, chun fiacha cánach PAYE nár íocadh le linn na paindéime Covid-19 a aisíoc.
Scríobh roinnt creidiúnaithe chuig an gcarthanas ag lorg íocaíochtaí, agus bhagair roinnt cuideachtaí stop a chur le seirbhísí a sholáthar mura n-íoctar billí gan íoc.
Fuair an carthanas ‘advances’ ina mhaoiniú roimhe seo ón Roinn agus ón DRHE go luath i mí Iúil, chun an fhoireann a íoc agus íocaíochtaí a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Tá réadmhaoin mhór i Seantrabh (Santry) I dtuaisceart Bhaile Átha Cliath, a úsáidtear mar áit chónaithe do dhaoine gan dídean, díolta ó shin, ar €1 milliún, agus tá sé beartaithe €5.87 milliún breise a thabhairt isteach trí níos mó réadmhaoine a dhíol.
Thuairiscigh an carthanas €60 milliún in ioncam anuraidh, ar tháinig thart ar €43 milliún de ó mhaoiniú poiblí, agus formhór mór an chuid eile déanta as síntiúis.
Tá sé ráite ag an Aire Tithíochta Darragh O’Brien roimhe seo go ndéanfaí na seirbhísí tábhachtacha a chuireann an charthanacht ar fáil a chosaint le linn na suaite atá ann faoi láthair.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.