Rinne píolóta as dualgas (off-duty pilot) iarracht innill eitleáin phaisinéirí a dhíchumasú (disable) agus é ar eitilt.
Bhí eitilt Alaska Airlines ag gabháil go San Francisco ach atreoraíodh í go Portland, Oregon, tar éis don phíolóta, a bhí taobh istigh de cábán an phíolóta, iarracht a dhéanamh innill an eitleáin a dhíchumasú.
Bhí Alaska Airlines Flight 2059 á oibriú ag Horizon Air ó Everett, Washington.
Atreoraíodh é ar Dé Domhnaigh tar éis bagairt slándála a bhain le píolótach Alaska Airlines as dualgas, a bhí ag taisteal insan cábán an phíolóta, a dúirt an aerlíne.
Dúirt an Federal Aviation Administration le haerlínte i bhfógra go raibh an duine aonair ag iarraidh na hinnill a dhíchumasú, tríd an gcóras um chosc dóiteáin a imscaradh.
Mar sin féin, dúirt siad go raibh an fhoireann in ann an duine aonair a chuir faoi smacht agus é a bhaint as cábán an phíolóta.
Ní raibh na hinnill faoi mhíchumas riamh, a dúirt Alaska.
Cuireadh fear 44 bliain d’aois, Joseph David Emerson, in áirithe ar 83 chúis le hiarracht ar dhúnmharú agus eitleán a chur i mbaol, de réir faisnéise ó oifig an Multnomah County Sheriff.
Léiríonn sonraí píolótach an Federal Aviation Administration go bhfuil Emerson liostaithe mar phíolóta deimhnithe a fuair imréiteach (clearance) leighis an mhí seo caite.
‘Tá mé ag iarraidh “heads-up” thabhairt duit. Tá an fear a rinne iarracht na hinnill a dhúnadh tugtha amach as an bpoll againn,’ a dúirt an píolótach le rialú aerthráchta an FAA, de réir eolas a chuir Live ATC amach.
‘Ní cosúil go bhfuil sé ag cruthú aon fhadhb sa chúl. Sílim go bhfuil sé sáinnithe… Teastaíonn forghníomhú an dlí uainn chomh luath agus a théann muid ar an talamh agus páirceáilte againn.’
Dúirt an FAA le haerlínte i bhfógra ar leith nach bhfuil an eachtra ‘ceangailte ar bhealach ar bith le himeachtaí reatha an domhain’ ach dúirt siad gur ‘dea-chleachtas é i gcónaí a bheith ar an airdeall’.
Is gnáthchleachtas é do phíolótaí nach bhfuil ar dualgas suí i suíocháin léime (jump seat) i gcábán an phíolóta chun filleadh abhaile nó chuig tasc eitilte eile.
Dúirt Alaska Airlines go raibh gach paisinéir ar bord in ann taisteal ar eitilt níos déanaí.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.