Bhí saoránach Éireannach agus beirt naíonán i measc 68 duine ar a laghad a fuair bás i dtimpiste eitleáin, i Neipeal.
Bhí an fear a bhí ag taisteal le pas Éireannach ar an eitilt a bhí ag iompar 72 duine san iomlán.
Tá sé ráite ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha (Department of Foreign Affairs) go bhfuil siad ‘ar an eolas faoi thuairiscí faoi rannpháirtíocht saoránach Éireannach i dtimpiste eitleáin i Neipeal, agus go bhfuil siad réidh chun cúnamh consalachta a sholáthar má iarrtar sin orthu’.
Tuigtear go raibh beirt naíonán, ceathrar ball foirne agus 10 náisiúnach eachtrach i measc na bpaisinéirí a bhí ar bord.
Ina measc bhí cúigear náisiúnach Indiach, ceathrar Rúiseach, beirt as an gCóiré Theas, ceann Astrálach, Francach amháin agus náisiúnach amháin de chuid na hAirgintíne.
Tá liosta iomlán foilsithe ag Údarás Eitlíochta Sibhialta Neipeal (Nepal’s Civil Aviation Authority) de na paisinéirí go léir a bhí ar bord na heitilte, ach níl sé soiléir fós an bhfuil gach teaghlach curtha ar an eolas faoi, agus an bhfuil aon duine nó daoine a tháinig slán as an tubaiste.
Tá na céadta oibrithe tarrthála (rescue workers) ag cuardach an tsuímh ar thaobh cnoic i Pokhara, an áit a ndeachaigh an eitleán de chuid Yeti Airlines síos. Bhí sé ag eitilt ón bpríomhchathair Kathmandu.
Is é seo an timpiste aeir is measa sa tír le beagnach cúig bliana.
Dúirt oifigeach áitiúil amháin gur tugadh chuig an ospidéal roinnt daoine a tháinig slán as an tubaiste. Bhí an t-eitleán ATR 72, le dhá inneall, ar eitilt inmheánach sa tír.
‘Tá oibríochtaí tarrthála ar siúl,’ a dúirt urlabhraí d’Údarás Eitlíochta Sibhialta Neipeal. ‘agus tá an aimsir soiléir’.
Thaispeáin teilifís áitiúil deatach dubh tiubh ag teacht amach ó láthair na timpiste agus oibrithe tarrthála agus na sluaite daoine bailithe timpeall ar scrios an eitleán .
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.