Paddy Congrave ag éirí as mar Phríomhfheidhmeannach ar Web Summit

Cháin Congrave ionsaithe Iosraelach ar Gaza agus ansin ghabh sé a leithscéal

Tá Paddy Congrave tar éis éirí as mar Phríomhfheidhmeannach ar Web Summit.

Tagann an t-éirí as nuair a cháin sé ionsaithe Iosraelach ar Gaza agus ghabh sé a leithscéal ansin.

Dúirt sé: ‘Ar an drochuair tá mo chuid tuairimí pearsanta tar éis cuir isteach ar an ócáid, agus ár bhfoireann, ár n-urraitheoirí (sponsors), ár ngnólachtaí tosaithe (start-ups) agus na daoine a fhreastalaíonn.

‘Gabhaim leithscéal ó chroí arís as aon ghortú a rinne mé.’

Ar an Aoine, ba iad na fathaigh teicneolaíochta Google, Meta agus Intel na cuideachtaí teicneolaíochta is déanaí chun tarraingt amach as an Web Summit atá le teacht i mí na Samhna.

At dtús tharraing Iosrael siar tar éis do Cosgrave cáineadh a chuir ar na hionsaithe diúracán (missile attacks) ar Gaza.

Anis dúirt Intel go bhfuil said ‘ag tarraingt siar ón Web Summit’. Tá oibríochtaí fadtéarmacha ag an gcuideachta, atá lonnaithe i gCalifornia, in Iosrael.

Dúirt Siemens, cuideachta innealtóireachta agus déantúsaíochta na Gearmáine, tar éis ‘athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás’ nach mbeidh siad ina gcomhpháirtí a thuilleadh ná ag freastal ar an imeacht i mbliana.

Tharraing roinnt feidhmeannach teicneolaíochta eile siar freisin.

Ina leithscéal an tseachtain seo, dúirt an tUasal Cosgrave: ‘Tuigim go bhfuil an méid a dúirt mé, an am a dúirt mé é, agus an chaoi ar cuireadh i láthair é, tar éis cuir isteach go mór ar go leor daoine. Do dhuine ar bith a bhí gortaithe ag mo chuid focal, gabhaim mo leithscéal go mór.

‘Is é an rud atá ag teastáil ag an am seo ná comhbhá, agus níor chuir mé sin in iúl. Is í an aidhm atá agam agus bhí sé riamh agam ná iarracht a dhéanamh ar son na síochána.”

Tá ainmneacha roinnt daoine cáiliúla eile imithe as réimeas na hócáide freisin.

Níl an t-aisteoir Joseph Gordon-Levitt, an rapper LL Cool J agus an fiontraí Steven Bartlett liostaithe ar ‘leathanach cainteoirí’ ar líne Web Summit a thuilleadh.

I measc na gcainteoirí atá le bheith i láthair i Liospóin ó 13 go 16 Samhain tá an bhean ghrinn Amy Poehler agus an stiúrthóir scannán Éireannach Neil Jordan, a rinne an scannán Michael Collins.

Dúirt Intel, a fhostaíonn na mílte duine in Éirinn, ar Déardaoin go bhfuil said ‘ag tarraingt siar ón Web Summit’. Tá oibríochtaí fadtéarmacha ag an gcuideachta, atá lonnaithe i gCalifornia, in Iosrael.

Dúirt Siemens, cuideachta innealtóireachta agus déantúsaíochta na Gearmáine, tar éis ‘athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás’ nach mbeidh siad ina gcomhpháirtí a thuilleadh ná ag freastal ar an imeacht i mbliana.

Tharraing roinnt feidhmeannach teicneolaíochta eile siar freisin.

Ina leithscéal an tseachtain seo, dúirt an tUasal Cosgrave: ‘Tuigim go bhfuil an méid a dúirt mé, an am a dúirt mé é, agus an chaoi ar cuireadh i láthair é, tar éis cuir isteach go mór ar go leor daoine.

‘Do dhuine ar bith a bhí gortaithe ag mo chuid focal, gabhaim mo leithscéal go mór.

‘Is é an rud atá ag teastáil ag an am seo ná comhbhá, agus níor chuir mé sin in iúl. Is í an aidhm atá agam agus bhí sé riamh agam ná iarracht a dhéanamh ar son na síochána.”

Gillian Anderson
Gillian Anderson

Tá Gillian Anderson, a bhí ina réalta sa dráma in Éirinn, The Fall, agus an tsraith teilifíse X-Files, tarraingthe siar freisin.

Bhí sé beartaithe aici a gnó nua G Spot, a tháirgeann deochanna boga, a phlé.

Dúirt urlabhraí do chuid G Spot: ‘Rinneamar an cinneadh tarraingt siar mar aithnímid nach bhfuil luachanna na mbrandaí ar aon dul le chéile’.

Tá ainmneacha roinnt daoine cáiliúla eile imithe as réimeas na hócáide freisin.

Níl an t-aisteoir Joseph Gordon-Levitt, an rapper LL Cool J agus an fiontraí Steven Bartlett liostaithe ar ‘leathanach cainteoirí’ ar líne Web Summit a thuilleadh.

I measc na gcainteoirí atá le bheith i láthair i Liospóin ó 13 go 16 Samhain tá an bhean ghrinn Amy Poehler agus an stiúrthóir scannán Éireannach Neil Jordan, a rinne an scannán Michael Collins.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram