Tá an t-aisteoir Gillian Anderson tarraingthe siar óna ról ag an Web Summit sa Phortaingéil, de réir mar a mhéadaíonn brú ó lucht tacaíochta Iosrael.
Tharraing dhá chuideachta mhóra idirnáisiúnta a bhfuil leasanna gnó acu in Iosrael siar ón imeacht freisin. Cháin an Príomhfheidhmeannach Paddy Cosgrave ionsaithe Iosrael ar Gaza ar dtús, ach ghabh sé leithscéal ansin.
Tá an comhdháil teicneolaíochta, an Web Summit, le bheith ar siúl an mhí seo chugainn.
Tharraing Iosrael siar tar éis do Paddy Cosgrave cáineadh a chuir ar na hionsaithe diúracán (missile attacks) ar Gaza atá ag marú na mílte duine, agus an diúltú bia, uisce agus fuinnimh a cheadú isteach sa cheantar.
Anois tá Gillian Anderson, a bhí ina réalta sa dráma in Éirinn, The Fall, agus an tsraith teilifíse X-Files, tarraingthe siar freisin.
Bhí sé beartaithe aici a gnó nua G Spot, a tháirgeann deochanna boga, a phlé.
Dúirt urlabhraí do chuid G Spot: ‘Rinneamar an cinneadh tarraingt siar mar aithnímid nach bhfuil luachanna na mbrandaí ar aon dul le chéile’.
Dúirt Intel, a fhostaíonn na mílte duine in Éirinn, ar Déardaoin go bhfuil said ‘ag tarraingt siar ón Web Summit’. Tá oibríochtaí fadtéarmacha ag an gcuideachta, atá lonnaithe i gCalifornia, in Iosrael.
Dúirt Siemens, cuideachta innealtóireachta agus déantúsaíochta na Gearmáine, tar éis ‘athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás’ nach mbeidh siad ina gcomhpháirtí a thuilleadh ná ag freastal ar an imeacht i mbliana.
Tharraing roinnt feidhmeannach teicneolaíochta eile siar freisin.
Ina leithscéal an tseachtain seo, dúirt an tUasal Cosgrave: ‘Tuigim go bhfuil an méid a dúirt mé, an am a dúirt mé é, agus an chaoi ar cuireadh i láthair é, tar éis cuir isteach go mór ar go leor daoine. Do dhuine ar bith a bhí gortaithe ag mo chuid focal, gabhaim mo leithscéal go mór.
‘Is é an rud atá ag teastáil ag an am seo ná comhbhá, agus níor chuir mé sin in iúl. Is í an aidhm atá agam agus bhí sé riamh agam ná iarracht a dhéanamh ar son na síochána.”
Tá ainmneacha roinnt daoine cáiliúla eile imithe as réimeas na hócáide freisin.
Níl an t-aisteoir Joseph Gordon-Levitt, an rapper LL Cool J agus an fiontraí Steven Bartlett liostaithe ar ‘leathanach cainteoirí’ ar líne Web Summit a thuilleadh.
I measc na gcainteoirí atá le bheith i láthair i Liospóin ó 13 go 16 Samhain tá an bhean ghrinn Amy Poehler agus an stiúrthóir scannán Éireannach Neil Jordan, a rinne an scannán Michael Collins.
Sa leithscéal, dúirt an tUasal Cosgrave: ‘Tacaíonn mé gan aon éideimhne (unequivocally) le ceart Iosrael a bheith ann agus é féin a chosaint.
‘Chun an méid a dúirt mé an tseachtain seo caite a athdhearbhú: cáinim gan dabht an t-ionsaí olc, urchóideach agus uafásach a rinne Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair. Glaoim freisin ar scaoileadh neamhchoinníollach na ngiall go léir.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.