Tá sé ráite ag X (Twitter) go ngearrfar costais ar úsáideoirí, ag tosú le tástáil, sé sin síntiús nua faoina ngearrfaidh said táille bhliantúil $1 (€0.95) le haghaidh bunghnéithe (basic features).
Tá siad ag glaoch ‘Not A Bot’ ar an táille síntiús nua agus gearrfaidh siad táille ar úsáideoirí as rudaí mar ‘likes’ athphoist nó postálacha cuntais eile a lua.
Éilíonn an chuideachta gurb é an cuspóir atá leis an tsamhail síntiús nua a thabhairt isteach ná dul I ngleic le ‘bots’ agus ‘spammers’.
Mar sin féin, beidh an táille éagsúil ó thír go tír, bunaithe ar an ráta malairte (exchange rate). Is féidir é a mhéadú ansin tar éis d’úsáideoirí glacadh leis.
Dúirt X go mbeidh an modh nua is úsáid den chéad sa Nua-Shéalainn (New Zealand) agus sna hOileáin Fhilipíneacha (Philippines).
‘Déanfaidh sé seo measúnú ar bheart a d’fhéadfadh a bheith cumhachtach chun cabhrú linn dul i ngleic le “bots’ agus “spammers” ar X,’ a dúirt an chuideachta i ráiteas.
Laistigh den chéad tástáil seo, ní dhéanfar difear go fóill d’úsáideoirí atá ann cheana féin.
Mar sin féin, ní bheidh úsáideoirí nua nach mian leo síntiús a íoc ach in ann postálacha a fheiceáil agus a léamh, féachaint ar fhíseáin agus cuntais a leanúint.
Labhair Elon Musk, a fuair an chuideachta anuraidh, faoi tháillí roimhe seo.
Le déanaí chuir Musk an smaoineamh chun cinn táille a ghearradh ar gach úsáideoir as an suíomh a úsáid.
Dúirt sé go raibh sé chun dul i ngleic le cuntais bhréige ach bhí a phlean cáinte ag úsáideoirí ar fud an domhain.
Níos luaithe an mhí seo, tuairiscíodh go ndéanfadh X trí shraith dá sheirbhís síntiúis a thástáil, bunaithe ar líon na bhfógraí a thaispeánfar don úsáideoir.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.