Phléadáil fear, atá 33 bliain d’aois, neamhchiontach i ndúnmharú an mhúinteora scoile, a bhí 23 bliain d’aois, Ashling Murphy i dTulach Mhór (Tullamore), Co. Uíbh Fhailí (Offaly) anuraidh.
Cuireadh cúiseamh an dúnmharaithe ar Jozef Puska, as Lynally Grove, Muclach (Mucklagh), i gCo. Uíbh Fhailí, sular cuireadh giúiré isteach chun é a thriail sa Phríomh-Chúirt Choiriúil (Central Criminal Court) tráthnóna Dé Luain.
Sheas sé agus d’fhreagair sé ‘neamhchiontach’ trí ateangaire (interpreter) Slóvaicis.
Tá giúiré de naonúr fear agus triúr ban curtha faoi mhionn anois chun an cás a thriail.
Maraíodh Ashling Murphy agus í ag bogshodar (jogging) in aice na Canálach Móire (Grand Canal) i dTulach Mhór ar an 12 Eanáir anuraidh.
Dúirt an Breitheamh Tony Hunt le giúróirí féideartha go raibh súil go mairfidh an triail suas le cúig seachtaine.
Dúirt sé le painéal an ghiúiré nár cheart dóibh fónamh ar an ngiúiré dá mbeadh teagmháil phoiblí déanta acu ar na meáin shóisialta faoin gcás ar ‘bealach amháin nó bealach eile’.
Dúirt sé gur tharraing an cás ‘níos mó ná an gnáth sciar poiblíochta’.
Dúirt sé go raibh córas na ngiúiréithe an-tábhachtach agus go raibh sláine an chórais ag brath ar ionracas na ngiúiréithe.
Dúirt sé gur cheart dóibh a gcoinsias a scrúdú agus féachaint an bhféadfadh siad dul i ngleic leis an gcás le haigne oscailte.
Dúirt an breitheamh go mbeadh an cás ar feadh ceithre seachtaine ach go mb’fhéidir go mbeadh sé ciallmhar dóibh cúig seachtaine a cheadú.
Dúirt abhcóide an ionchúisimh Anne Marie Lawlor gur as ceantar Thulach Mhór an chuid is mó de na finnéithe agus go mbeadh líon mór finnéithe gardaí ó lár na tíre agus ó stáisiúin Bhaile Átha Cliath.
Dúirt an t-abhcóide cosanta Michael Bowman go raibh an tUasal Puska ina chónaí i Muclach in aice leis an Tulach Mhór agus go raibh ceangal teaghlaigh aige le Cromghlinn (Crumlin).
Dúradh leis na giúróirí freisin go raibh an tUasal Puska in Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir na bliana seo caite agus nár cheart dóibh fónamh dá mbeadh aon rud ar eolas acu faoina fhanacht san ospidéal.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.