Imeacht Earls: Scéal laoch na hÉireann agus a lucht tacaíochta is láidre, a chlann

15/10/2023

Tá Keith ag éirí as ach léiríonn scéal a streachailtí agus a thacaíocht teaghlaigh cé chomh mór is atá sé ina laoch

Tá an chaint ar fad faoi Johnny Sexton. Ach ní hé an t-aon laoch le cinneadh mór a dhéanamh. Agus tá sé deimhnithe aige go bhfuil Keith Earls ag éirí as an bhfoireann.

Ag labhairt dó faoi Earls, dúirt Sexton: ‘Is laoch é agus duine de mo chomhpháirtithe is fearr, ní hamháin sa rugbaí ach sa saol.

‘Caithim go leor ama lena theaghlach ar shiúl ón rugbaí agus is duine den scoth é, laoch. Ní bhuailfeá le buachaill níos mó tóir sa scuad. Tá sé mar chuid dár bhfoireann lasmuigh den pháirc.

Keith Earls agus a chlann
Keith Earls agus a chlann

‘Ar an bpáirc, is laoch é freisin. Bhí roinnt laethanta ollmhóra aige, an 100ú caipín. Tá brón orm ar a shon gur gortaíodh é ag droch-am agus mar sin ní raibh sé in ann a bheith páirteach le cúpla seachtain anuas, ach beidh sé ar cheann de na himreoirí is fearr go cinnte. Caillfidh an grúpa seo go cinnte é.’

Tá Earls ag éirí as tar éis seirbhís mhaith a dhéanamh dá thír – ach ní bheadh sé déanta aige gan tacaíocht iontach óna bhean chéile agus a leanaí.

Tá réalta na Mumhan, atá 35 bliain d’aois, in éineacht lena bhean Edel le breis is 20 bliain agus bhuail siad le chéile agus iad ina ndéagóirí.

Ó shin i leith tá triúr clainne acu le chéile, sheol siad gnó caife, d’arb ainm Eleven14, i Luimneach, agus thug siad tacaíocht dá chéile in aimsir chrua.

Conas a bhuail Keith agus Edel le chéile?

Tháinig siad le chéile den chéad uair nuair nach raibh Keith ach 12 bliain d’aois. Agus deir Keith gur choinneáil Edel é ar an mbóthar ceart le linn a déagóra i Maigh Ros (Moyross).

Dúirt sé leis an Independent in 2019: ‘Bhuail mé le mo bhean chéile nuair a bhí mé 12 bhliain d’aois. Is as Woodview í, díreach thall ar an taobh eile de Thuamhan (Thomond). Ba í an chéad chailín a bhuail mé lei riamh ó taobh amuigh de Mhaigh Rois agus anois táim pósta léi.

‘Ag smaoineamh siar, 12 bliain d’aois, agus 20 bliain níos déanaí táimid anseo le triúr páistí. Choinnigh sí mé ar an bóthar ceart.’

Ag pósadh

Phós Keith agus Edel in 2016 ag séipéal Our Lady Star of the Sea i sráidbhaile cois farraige Coillte (Quilty), Co an Chláir.

Bhí roinnt ball foirne rugbaí Keith ina aíonna ina measc Paul O’Connell agus Simon Zebo.

Bhí cuma álainn ar Edel i ngúna bán le bodice agus cabhail  (bodice) ‘lacy’. Chaith sí a cuid gruaige síos i gcuacha (curls) foirfe agus bhí bouquet bláthanna bándearg aici.

Tháinig Keith ar ais go hÉirinn díreach ceithre lá roimh a bhainis toisc go raibh foireann rugbaí na hÉireann díreach tar éis trí seachtaine a chaitheamh as baile do Shraith Tástála na hAfraice Theas.

Páistí álainn

Tá triúr leanaí ag an lánúin, iníonacha Ella-May, 11, Laurie, 8, agus Emie, 4.

Go luath i ndiaidh breith Ella-May, thug a tuismitheoirí chuig an ospidéal í agus b’éigean do Keith tarraingt amach as cluiche na Sé Náisiún in aghaidh na Breataine Bige. Labhair sé níos déanaí faoin gcaoi ar rugadh í le riocht croí annamh.

Le linn laethanta tosaigh na paindéime Covid, labhair Keith amach freisin ag iarraidh ar dhaoine na treoirlínte a leanúint agus gan freastal ar chruinnithe móra.

Dúirt sé: ‘Mar athair linbh a bhfuil riocht tromchúiseach scamhóg riospráide uirthi agus go leor eile cosúil léi, impím ar an bpobal éisteacht leis na gairmithe le do thoil.

‘Déanfaidh mé aon rud is féidir liom chun í a chosaint. Tá páirt le himirt ag gach duine. Is duine príobháideach mé de ghnáth ach tá gníomhartha daoine áirithe ag cur imní orm i ndáiríre.’

Keith agus Edel
Keith agus Edel

A lucht leanúna is dílse

Is minic a fheictear Edel agus a gcailíní ag cluichí rugbaí, agus is minic a bhíonn miongheansaithe glasa ar iníonacha na lánúine.

Is cuid thábhachtach de shaol Keith é rugbaí le fada an lá agus bhí meas ar a athair Ger freisin mar imreoir a spreag Keith chun páirt a ghlacadh sa spórt.

Dúirt sé le Buzz.ie: ‘Chomh luath agus is cuimhin liom, chomh luath agus a d’fhéadfainn siúl agus b’fhéidir fiú beagán roimhe sin, bhí mé ag dul chuig cluichí le m’athair agus i seomraí feistis agus rudaí mar sin.

‘Ba iontach an rud é a bheith timpeall air, b’fhéidir go mbraithfinn, fiú amháin ó bhí mé óg, an meas a bhí ag m’athair ar leithéidí Peter Clohessy agus na leaids seo go léir, imreoirí idirnáisiúnta, imreoirí na Mumhan, imreoirí club.’

Le chéile trí amanna crua

Bhí Keith ar an Late Late Show in 2021 chun labhairt faoina streachailtí meabhairshláinte, dúlagar (depression) agus diagnóisíodh le Bipolar 2.

D’inis sé don lucht éisteachta mar a spreag bás tragóideach a chol ceathrair ag 19 mbliana d’aois a chuid taom scaoill (panic attacks) agus na mothúcháin dhiúltacha a thug ‘Hank’ air thar na blianta.


Scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram