Tá daoine in Iosrael ag déanamh comparáide idir an t-ionsaí a rinne Hamas agus 9/11 i Nua-Eabhrac. Tugann Mohammed Deif, an ceannaire Hamas a d’eagraigh an ionsaí úfásach sin, ‘Al Aqsa Flood’ air.
Is cathach Palaistíneach é agus is é an fear is mó atá ag teastáil ó Iosrael. D’úsáid sé an frása ‘Al Aqsa Flood’ i gclár fuaime nuair a scaoil Hamas na mílte roicéid amach as Gaza Dé Sathairn.
Tagraíonn sé do ruathar Iosraelach (Israeli raid) ag mosc Al Aqsa in Iarúsailéim, an tríú suíomh is beannaithe ag Ioslam, i mBealtaine 2021.
Chuir an ruathar Iosrael ag an am fearg ar an domhan Arabach agus Moslamach. Taispeánann píosaí scannáin Iosrael ag stoirmeadh mosc Al Aqsa le linn Ramadan, ag bualadh lucht adhartha (worshippers), ag ionsaí orthu, ag tarraingt fir scothaosta agus óga amach as an mosc.
Chuir stoirmiú an mosc tús le 11 lá de throid idir Iosrael agus Hamas.
Rugadh Deif mar Mohammad Masri i 1965 i gCampa Dídeanaithe (Refugee Camp) Khan Yunis a bunaíodh tar éis Chogadh Arabach-Iosraelach 1948. Tugadh Mohammed Deif air tar éis dó dul isteach i Hamas le linn an chéad Intifada, nó éirí amach na Palaistíne, a thosaigh i 1987.
Ghabh Iosrael é i 1989 agus chaith sé thart ar 16 mí faoi choinneáil, a dúirt foinse Hamas.
Dúirt foinsí Hamas gur chaill sé súil agus gur bhain gortuithe tromchúiseacha as cos amháin i gceann d’iarrachtaí dúnmharaithe Iosrael.
Maraíodh a bhean chéile, a mhac seacht mí d’aois, agus a iníon trí bliana d’aois ag ionsaí aeir Iosraelach in 2014.
Ghnóthaigh Deif céim san eolaíocht ón Ollscoil Ioslamach i nGaza, áit a ndearna sé staidéar ar fhisic, ar cheimic agus ar bhitheolaíocht.
Léirigh sé cleamhnas do na healaíona, bhí sé i gceannas ar choiste siamsaíochta na hollscoile agus ag léiriú greannáin ar stáitse.
Tá sé ar bharr an liosta is mó a bhí ag teastáil ó Iosrael le blianta fada, agus é freagrach go pearsanta as bás mórán Iosrael i mbuamálacha féinmharaithe.
Mhair Deif seacht n-iarracht dúnmharaithe Iosraelach, an ceann is déanaí in 2021.
Is annamh a labhraíonn sé agus ní fheictear go poiblí é, mar sin nuair a d’fhógair cainéal teilifíse Hamas go raibh sé ar tí labhairt Dé Sathairn, bhí a fhios ag na Palaistínigh go raibh rud éigin suntasach ar bun.
Níl ach trí íomhá de Deif ann: ceann amháin aige ina 20idí, ceann eile dó faoi masc, agus íomhá dá scáth, a úsáideadh nuair a craoladh an téip fuaime.
Ní fios cá bhfuil Deif, cé gur dóichí go bhfuil sé i nGaza sna tolláin (tunnels).
Dúirt foinse slándála Iosraelach go raibh baint dhíreach ag Deif le gnéithe pleanála agus oibríochtúla an ionsaí.
Dúirt foinse gar do Hamas gur ghlac Deif, atá i gceannas ar Bhriogáidí Al Qassam Hamas, in éineacht le Yehya Sinwar, ceannaire Hamas in Gaza, an cinneadh an t-ionsaí a ullmhú, ach ba léir cé hé an t-ailtire.
‘Tá dhá inchinn ann, ach tá máistir-intinn amháin ann,’ a dúirt an fhoinse, ag cur leis nach raibh an fhaisnéis faoin oibríocht ar eolas ach ag dornán de cheannairí Hamas.
Bhí an rúndacht chomh mór sin nach raibh a fhios ag an Iaráin, namhaid faoi mhionn Iosrael agus foinse thábhachtach airgeadais, oiliúna agus armála do Hamas, ach i dtéarmaí ginearálta go raibh oibríocht mhór á phleanáil ag an ngluaiseacht agus nach raibh a fhios acu faoin t-am nó na sonraí eile.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.