Creideann níos lú ná duine as gach deichniúr de vótálaithe na Breataine go bhfuil dul chun cinn maith déanta acu le Brexit, de réir staidéar nua.
Mar sin féin, fuair an taighde amach go bhfuil an smaoineamh maidir le reifreann nua scoilteach (divisive) agus go mbeadh tromlach na vótálaithe ar son Imeacht fós ag vótáil ar an mbealach céanna arís.
Rinneadh an vótaíocht (polling) don ghrúpa, UK in a Changing Europe.
Ní bhraitheann ach 9% de na freagróirí go bhfuil dul chun cinn maith déanta ar Brexit agus creideann níos lú ná an tríú cuid go n-éireoidh go maith leis.
Mar sin féin, fuarthas amach sa phobalbhreith agus sna hagallaimh le grúpaí fócais nach mbeadh an míshástacht seo ina vóta chun ath-cheangal leis an AE go huathoibríoch.
Fuarthas amach go vótálfadh 48% chun teacht ar ais agus go vótálfadh 32% ina choinne.
Ní vótálfadh an chuid eile, nó dúirt siad nach bhfuil a fhios acu.
Idir an dá linn, dúirt 72% de vótóirí ar son Imeacht go vótálfadh siad ar an mbealach céanna arís agus creideann an chuid is mó acu go bhféadfadh go n-éireoidh go maith le Brexit fós amach anseo.
Léirigh formhór na bhfreagróirí tuirse leis an bplé agus theastaigh uathu díriú ar ábhair eile ar nós an gheilleagair.
Bhí tromlach, áfach, i bhfabhar naisc níos dlúithe (closer ties) leis an AE, rud a thacaigh 53%.
Bhain an staidéar Public First úsáid as grúpaí fócais i measc vótóirí ar son Imeacht in Essex agus in Oirthear Lár na Tíre chun iarracht a dhéanamh míniú a thabhairt ar an ard-mhíshásaimh le Brexit ach fonn réasúnta íseal chun dul isteach arís san AE.
Fuarthas amach go príomha nach raibh suim ag daoine i mBrexit.
Thuairiscigh na fócasghrúpaí tuirse leis an ábhar agus dúirt 54% de na freagróirí go raibh siad ag iarraidh bogadh ar aghaidh go hábhair eile mar an geilleagar, an tseirbhís sláinte nó coireacht.
Dúirt bean amháin ina 30í: ‘Go pearsanta, dá mbeadh reifreann eile againn, vótáilfinn Imeacht go fóill, chloífinn leis go díreach mar atáimid anois mar ní bheinn ag iarraidh ár dtír a lagú tuilleadh trí iarracht a dhéanamh dul ar ais isteach san AE. Sílim go mbeadh níos mó náire orainn ná mar a bhí ar an gcéad dul síos.’
Tá sí ar dhuine den 72% de na vótóirí ar son Imeacht a dúirt go vótálfadh siad ar an mbealach céanna fós.
Is féidir an contrárthacht a mhíniú go páirteach freisin ag an bhfíric go gcreideann 61% de na vótálaithe ar son Imeacht go n-oibreoidh Brexit amach anseo.
Luaigh vótálaithe ar son Imeacht freisin na buntáistí a bhaineann le Brexit ar nós smacht a bheith acu ar a ndlíthe féin agus an cumas chun margaí trádála a dhéanamh le tíortha eile.
Mar sin féin, fiú amháin i measc vótóirí ar son Imeacht creideann an chuid is mó nach bhfuil ag éirí go maith le Brexit go dtí seo, ní chreideann ach 18% acu go bhfuil ag éirí go maith leis.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.