Dúirt ceoltóir as Dún na nGall, a thaifead (recorded) amhrán d’íospartach óg (young victim) de chuid tragóid An Chraoslaigh gur mhian leis eolas a chur ar fail ar an ‘misneach’ a léirigh sí ina saol.
Chum Matt McGranaghan Stolen Dreams do Leona Harper, 14 bliana d’aois, le beannacht a tuismitheoirí, Donna agus Hugh.
Bhí Leona, as Ráth Mealtain, ar ceann de na daoine ab óige a maraíodh sa tragóid i gCo. Dhún na nGall, a tharla bliain ó shin Dé Sathairn.
Bhí sí chun an deireadh seachtaine a chaitheamh le cara ar An Chraoslach. Ba é a corp siúd an ceann deireanach a aimsíodh sa mheascán de chruach agus de choincréit a d’fhág an phléasc uafáis.
Dúirt an tUasal McGranaghan gur chuir cruinniú leis an teaghlach, a eagraíodh dó le fáil amach faoin íospartach, iontas air faoina bheocht agus a aibíocht.
Dúirt an ceoltóir go raibh sí ina ‘cailín óg iontach le misneach agus crógacht’.
Tá an t-amhrán, atá á chanadh ag na hamhránaithe as Dún na nGall Sophie Gallagher agus Chris McLaughlin, ar fáil ar líne. Iarrtar ar éisteoirí bronntanas a thabhairt do cheann de thrí charthanas cuardaigh agus tarrthála a d’fhreastail ar láthair an phléasc ag an am.
Iarradh air freisin píosa cuimhneacháin a chumadh agus a léiriú do na híospartaigh ar fad ag gradaim bhliantúla Chumann Dhún na nGall, Baile Átha Cliath, i mí Aibreáin.
Críochnaíodh an t-amhrán, Olldáimh, cúpla mí ina dhiaidh sin.
Deir na Gardaí go bhfuil fiosrúchán leathan ar bun acu faoin tubaiste a tharla ar an 7ú Deireadh Fómhair. Deichniúr a maraíodh nuair a tharla pléasc i siopa agus i ngaráiste Applegreen. Maraíodh freisin:
James O’Flaherty, as Dún Fionnachaidh, a bhí ocht mbliana is daichead;
Jessica Gallagher, céimí óg i ndearadh faisin, a bhí ceithre bliana is fiche;
Martin McGill, naoi mbliana is daichead, carachtar mór sacair a raibh a chroí sna Ceiltigh;
Catherine O’Donnell, naoi mbliana is tríocha;
Agus a mac a bhí trí bliana déag d’aois, James Monaghan, a bhí díreach bailithe aici ón bhus;
Hugh Kelly, a bhí naoi mbliana is leathchéad, feirmeoir a rabh gnaoi mhór ag pobal a cheantair air;
Martina Martin, naoi mbliana is daichead a raibh sé de mhí-ádh uirthi a bheith ag obair ag an scipéad sa tsiopa;
Robert Garwe, leathhchead bliain d’aois;
Agus a iníon Shauna Flanagan Garwe nach raibh ach cúig bliana d’aois. Bhí Shauna Flanagan Garwe agus a hathair istigh sa siopa ag ceannach cáca do bhreithlá mháthair Shauna.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.