Leanann an cuardach ar an mbean Éireannach atá ar iarraidh in Iosrael ar aghaidh, agus líon na marbh ar an dá thaobh ag ardú go dtí breis agus 1,000 bás.
Is saoránach Éireannach í Kim Damti, atá 22 bliain d’aois. Tuairiscíodh go bhfuil sí ar iarraidh i ndeisceart Iosrael tar éis di freastal ar chóisir ‘rave’ gar do Gaza.
Labhair Kim, agus a máthair Jennifer, 60, arb as Port Laoise í, nuair a sheol Hamas na chéad roicéid isteach in Iosrael thart ar 7am Dé Sathairn.
Bhí roinnt daoine óga ag damhsa san fhásach (desert) ag an rave ar feadh na hoíche, nuair a ionsaíodh iad.
Maraíodh cuid acu agus fuadaíodh (kidnap) daoine eile isteach i nGaza, de réir tuairiscí.
Le linn an ghlao gutháin bhí Ms Damti ag rith lena cara i dtreo cairr, ach ba é seo an uair dheireanach a labhair a máthair léi.
Tá an bhean óg ar dhuine de chúigear siblíní, a rugadh ar fad in Iosrael.
Bhí cónaí ar an teaghlach i Gadera in Iosrael ach de réir an Irish Times, chaith siad a laethanta saoire samhraidh in Éirinn.
Bhí na mílte daoine óga tar éis freastal ar Fhéile Nova. Bhí go leor acu ag damhsa le ceol Trance tríd an oíche go maidin.
Thángthas ar a laghad 260 corp ar shuíomh na féile ceoil.
Tá líon na mbásanna Iosraelach, tar éis ionsaí iontas Hamas, ardaithe go dtí 700 ar a laghad, lena n-áirítear 44 saighdiúir.
Tá sé ráite ag an bPríomh-Aire Benjamin Netanyahu go bhfuil Iosrael i mbun ‘cogadh fada agus deacair’.
I nGaza, atá buailte arís agus arís eile ag aerthonnta Iosrael, thuairiscigh oifigigh ar a laghad 413 bás.
Agus na mílte Iosraelach agus Palaistíneach gortaithe ó mhaidin Dé Sathairn, dúirt Iosrael gur chreid said go bhfuil níos mó ná 100 saoránach Iosraelach, lena n-áirítear mná agus leanaí, fuadaithe (kidnapped) ag Hamas go Gaza.
I nglaoch chuig Netanyahu, dúirt Uachtarán Joe Biden go bhfuil cúnamh míleata na Stáit Aontaithe ‘ar a bhealach go hIosrael anois agus níos mó le leanúint sna laethanta amach romhainn’.
Tráthnóna Dé Domhnaigh bhí scairdeitleáin (jets) Iosraelacha i mbun ionsaí ‘dian’ in Gaza.
Bhí na mílte feithiclí armúrtha agus tainc Iosraelach ag dul i dtreo Gaza, ag tabhairt le tuiscint go bhfuil ullmhúcháin ar bun le haghaidh ionsaithe talún.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.