Tá triúr le ionchúiseamh (prosecuted) mar gheall ar amhrán a chanadh ina raibh focail maslacha faoi dhúnmharú Michaela McAreavey.
Tuairiscíodh seachtar don tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí (Public Prosecution Service, PPS) sa Tuaisceart le breithniú tar éis na heachtra i Halla Oráisteach.
D’fhiosraigh an PSNI físeán de dhaoine ag canadh ag ócáid i nDún Dónaill (Dundonald), Co an Dúin, i mí Bealtaine anuraidh, a cuireadh suas ar na meáin shóisialta.
Sa ghearrthóg (clip), a scannánaíodh i Halla Oráisteach, feictear roinnt fear ag canadh amhrán faoi bhás Ms McAreavey, iníon bhainisteoir clúiteach CLG Mickey Harte.
Rinneadh an múinteoir, a bhí 27 bliain d’aois, a thachtadh (strangled) ina seomra in Óstán Legends i Oileán Mhuirís (Mauritius) ar 10 Eanáir 2011.
Ionsaíodh Ms McAreavey, a phós a fear céile John deich lá roimhe sin, tar éis di filleadh ar a seomra léi féin agus buirgléireacht suaite aici.
Níl aon duine ciontaithe as iníon bhainisteoir peile Thír Eoghain Mickey Harte a dhúnmharú.
Cáineadh an físeán go forleathan.
Dúirt an PPS go ndéanfaidh siad triúr a ionchúiseamh as an gcion ‘fuath a mhúscailt’ contrártha d’Airteagal 9 den Ordú Poiblí (TÉ) 1987.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.