Tá ‘leithscéal gan agús (unreserved apology)’ tugtha ag Ceannaire Sinn Féin Mary Lou McDonald do Mháiría Cahill, ag rá nach mian léi ‘aon rud ach an ceann is fearr di’.
Ag seoladh Buiséad malartach Shinn Féin, fiafraíodh de McDonald an ngabhfadh sí leithscéal le Cahill.
‘Tapaím an deis seo chun ár leithscéal gan forchoimeád a dhéanamh arís le Máiría Cahill as an gcruachás gur cuireadh í tríd.
‘Tá a fhios agam go bhfuil sé fíordheacair d’aon duine céim ar aghaidh agus a scéal a insint ar an mbealach macánta atá aici agus molaim í mar a bhí riamh.
‘Sna laethanta a bhí ann, ní raibh na struchtúir tuairiscithe cearta i bhfeidhm.
‘Ba mhaith liom a chur in iúl nach bhféadfadh cás mar seo teacht chun cinn anois. Agus táim sásta an pointe sin a shoiléiriú mar cheannaire Shinn Féin.
‘Níor cheart go mbeadh baint ag aon duine, ag aon eagraíocht, seachas na húdaráis reachtúla cuí, na póilíní agus na seirbhísí sóisialta le láimhseáil an chiona uafásach, uafásach seo i gcoinne Máiría Cahill.
‘Is é sin mo sheasamh go seasta ach tá áthas orm é sin a thuairisciú agus gan aon rud a ghuí uirthi ach an ceann is fearr uaimse agus uainne,’ a dúirt McDonald.
D’éignigh ball den IRA Cahill nuair a bhí sí 16 bliana d’aois.
D’inis iar-sheanadóir páirtí an Lucht Oibre, a tháinig isteach san SDLP freisin, do na póilíní go raibh mí-úsáid ghnéasach uirthi ó 1997 go 1998, agus sna blianta ina dhiaidh sin go raibh sí faoi réir imscrúdú IRA ar a líomhaintí.
Deir sí ina leabhar nua, Rough Beast: My Story and the Reality of Sinn Féin, a sheol sí i mBaile Átha Cliath tráthnóna inniu go raibh sí ag streachailt le go n-admhófaí a héilimh um mhí-úsáid ghnéasach.
Ag labhairt di ar raidió RTÉ thar an deireadh seachtaine, labhair Cahill faoin gcaoi ar mhothaigh sí nár ghabh McDonald ach leithscéal as an teip i bpróisis chun déileáil lena mí-úsáid, seachas leithscéal pearsanta a fháil.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.