Tá sonraí tagtha chun solais faoin máthair as Co Mhaigh Eo a gortaíodh go criticiúil i lámhach (shooting) san Astráil.
Lámhaigh a iar-chéile (former partner) Ralph Donald, 35, í, i dteach a mhuintire thart ar 6.30pm Dé Máirt sular chas sé an gunna air féin, de réir tuairiscí.
Bhí gortuithe tromchúiseacha bhoilg ar Eileen Gibbons, 38, as Caisleán an Bharraigh (Castlebar), nuair a lámhachadh í i dteach cónaithe i Darwin tráthnóna Dé Máirt.
Agus fuair a hionsaí Donald bás ag an láthair mar gheall ar chréachta gunnaí (gun wounds) a rinne sé féin.
Tá sé ráite ag foireann an ICU in Royal Darwin Hospital le gaolta (relatives) a rinne fiosrúcháin ar an nguthán as Éirinn go bhfuil a riocht seasmhach (stable).
Tá gaolta na mná gortaithe ag ullmhú chun taisteal go Darwin le bheith ina teannta.
Ba chuimhin le cairde an oibrí sóisialta, ar ais i gCaisleán an Bharraigh, gur chaith sí saoire shínte (extended holiday) sona sa bhaile i Mhaigh Eo i rith an tsamhraidh.
Is máthair iníon aon bhliain d’aois í, Sylvia. Ba é Donald athair an chailín, dar leis an Irish Daily Mail
Glaodh póilíní chuig teach ar Shráid Sprigg i Millner, bruachbhaile (suburb) de Darwin, díreach tar éis 6.30pm am áitiúil Dé Máirt, tar éis do chomharsa dhá urchar a chloisteáil.
Tháinig siad ar Ms Gibbons, a hionsaitheoir agus arm tine ina luí in aice lena corp.
Rinne paraimhíochaineoirí (paramedics) Ms Gibbons a chobhsú ag an láthair sular tugadh chuig an ospidéal í le haghaidh máinliacht éigeandála (emergency surgery).
Chuir scéala na tragóide brón ar phobal Chaisleán an Bharraigh, áit ar fhás Eileen aníos agus áit a ndeachaigh sí ar saoire ar feadh cúig seachtaine i rith an tsamhraidh.
Dúirt Martin McLoughlin, ball de Chomhairle Contae Mhaigh Eo: ‘Tá aithne mhaith agam ar an teaghlach. Dhúisigh mé ar maidin leis an nuacht tubaisteach.
‘Tá an pobal anseo sáite go croíúil. Ní féidir liom ach gach rath a ghuí ar Eileen agus tá súil agam go dtiocfaidh sí slán as.
‘Tá ár nguí agus ár gcuid smaointe leis an teaghlach ag an am uafásach seo,’ a dúirt sé.
Bhásaigh a hathair, Seán, tiománaí otharchairr ar scor, i mBealtaine 2021. Oibríonn a máthair, Ann, i siopa áitiúil.
Dúirt cara amháin i gCaisleán an Bharraigh: ‘Bhí cuma iontach ar Eileen, sásta a bheith sa bhaile agus thar a bheith sásta bualadh le cairde agus gaolta arís. Bhí sí ina cónaí in Darwin le seacht mbliana anuas nó mar sin.’
Ag labhairt dó Dé Máirt, dúirt Bleachtaire Sáirsint Paul Morrissey, ó phóilíní Darwin, go bhfuil na bleachtairí ag fiosrú an eachtra.
Dúirt sé freisin go raibh an t-arm tine a chreidtear a úsáideadh sa lámhach aimsithe, agus nach bhfuil na póilíní ag súil le haon ghabháil a dhéanamh maidir leis an lámhach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.