Níl imní ar bhainisteoir Manchester United, Erik ten Hag, faoi chailliúint a phost tar éis tús uafáis a fhoireann an tséasúir seo, a lean ar aghaidh le cailliúint sa bhaile i Sraith na Seaimpíní (Champions League).
Díreach nuair a dhealraigh sé go raibh Manchester United chun iad féin a fháil ar ais ar an mbóthar ceart i Sraith na Seaimpíní, thit siad go mór as a chéile chun 3-2 a chailleadh in aghaidh Galatasaray ar Dé Máirt.
Is é seo an tús ba mheasa ag na Red Devils le séasúr ó 1986 i leith.
Tá sé cinn dá 10 gcluiche tosaigh caillte acu don chéad uair le 37 bliain anuas agus tá amhras faoi na seansanna atá acu éirí as na céimeanna grúpa cheana féin tar éis dhá chluiche i Sraith na Seaimpíní.
Ach tá sé ráite ag Ten Hag, a deir nach bhfuil ‘leithscéalta ar bith’ as léirithe suaracha a fhoirne, go bhfuil gach duine sa chlub ag tarraingt sa treo céanna.
Tús deacair a bhí ann don séasúr d’fhoireann agus cailleadh aon móiminteam ó bhuanna an tseachtain seo caite in aghaidh Burnley agus Crystal Palace nuair a chaill siad sa bhaile in aghaidh Palace Dé Sathairn seo caite sa Premier League.
Bhí deis eile acu iad féin a fhuascailt oíche fhliuch Eorpach in Old Trafford oíche Dé Máirt.
Scóráil Rasmus Hojlund faoi dhó agus bhí na Red Devils 2-1 chun cinn díreach tar éis uair an chloig.
Thit Manchester United as a chéile ansin áfach agus ghéill said dhá chúl.
Chomh maith le sin fuair Galatasaray cic éirice, agus fuair Casemiro carta dearg.
Scóráil Hojlund an dara cúl den scoth tar éis d’iar-thosaí Manchester United Wilfried Zaha an chéad chúl a fháil de Galatasaray.
Fuair Kerem Akturkoglu cúl eile de Galatasaray ansin.
Ina dhiaidh sin rinne Andre Onana botún mór agus chuir sé an liathróid díreach chuig Dries Mertens.
Ba é an toradh a bhí ar sin ná dhúshlán mór ag Casemiro agus cuireadh imreoir lár páirce na Brasaíle den pháirc agus bronnadh cic éirice.
Bhí faoiseamh ar an gcúl báire le Mauro Icardi a fheiceáil ag cur an chic éirice ar fórail, ach rinne Icardi leasú trí nóiméad ina dhiaidh sin nuair a scóráil sé an cúl a bhuaigh an cluiche agus thug sé an chéad bua riamh ar thalamh Shasana don fhoireann Tuirce.
Dúirt ten Hag in a dhiaidh an cluiche: ‘Ní hé seo sinn, tá a fhios againn go gcaithfimid a bheith níos fearr, agus is le chéile a thiocfaimid amach as seo.
‘Má thugann mé míniú duit, ansin feicfidh tú mar leithscéalta é, níl aon leithscéal ann.
‘Ní féidir linn na hearráidí atá á ndéanamh againn anois a dhéanamh. Caithfimid déanamh níos fearr, is fíric shimplí é sin, caithfimid ár gcluichí a bhuachan.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.