Tá ordú gobáin (gagging order) teoranta curtha ag breitheamh ar Donald Trump tar éis d’iar-uachtarán na Stát Aontaithe magadh a dhéanamh ar oibrí cúirte le linn a thriail calaoise i Nua-Eabhrac.
D’eisigh an Breitheamh Arthur Engoron an t-ordú, a bhaineann le gach páirtí sa chás agus a bhaineann le hionsaithe béil ar fhoireann na cúirte amháin.
Tharla sé tar éis do Trump post dímheasúil ar na meáin shóisialta a athphostáil faoi phríomhchléireach dlí an Bhreithimh Engoron, Allison Greenfield.
Gan é a ainmniú, dúirt an Breitheamh Engoron gur chuir cosantóir sa chás ‘post dímheasúil, bréagach chuig cuntas meán sóisialta, a d’aithin go pearsanta bhall de m’fhoireann’.
Dúirt sé go bhfuil ‘ionsaithe pearsanta ar bhaill d’fhoireann na cúirte do-ghlactha agus ní chuirtear suas leo’.
Bhí an post scriosta ag Trump cheana féin agus dúirt an Breitheamh Engoron gur ordaigh sé é a bhaint.
Áiríodh sa phost grianghraf de Ms Greenfield le ceannaire tromlaigh Dhaonlathach an tSeanaid Chuck Schumer.
Rinne Trump trácht ar an gcléireach ag rá nár cheart ‘cead a bheith aici a bheith ina chluas [Schumerar] le gach ceist’ agus go .raibh fuadh ann do Trump.
Tháinig an t-ordú gobán tar éis do Trump agus dlíodóirí don dá thaobh dul isteach sa chúirt arís agus arís eile taobh thiar de dhoirse dúnta le linn am lóin.
Líomhain Trump, a bhfuiltear ag súil leis a bheith ina iarrthóir don Uachtaránacht don Pháirtí Poblachtach in 2024, gur ionsaí polaitiúil é an cás cúirte ag Ard-Aighne Daonlathach Nua-Eabhrac, Letitia James.
Dúirt Trump, a shéanann aon éagóir, le linn sos cúirte amháin gur cheap sé go raibh an triail ‘ag dul go han-mhaith’.
Tá sé beartaithe ag Trump fianaise a thabhairt níos déanaí sa triail, ach ní chaithfidh sé freastal air anois. Agus é ag gearán gurbh fhearr leis a bheith ar an fheachtais, d’úsáid an t-iar-uachtarán ceamaraí feithimh i halla teach cúirte mar mhicreafón le haghaidh teachtaireachtaí polaitiúla.
Táthar ag súil go mairfidh an triail go dtí mí na Nollag.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.