Mharaigh fear gunna múinteoir, agus bean áitiúil agus a hiníon, agus las sé tine i seomra ranga ar champas ospidéil ollscoile i Rotterdam agus i dteach in aice láimhe, a dúirt póilíní.
Tá amhrastach gafa ag póilíní na hÍsiltíre tar éis marú triúr in dhá ionsaí.
Mac léinn ollscoile atá 32 bliain d’aois is ea an duine atá faoi amhras.
Lámhaigh an fear gunna go marfach an bhean a bhí 39 bliain d’aois, a raibh cónaí uirthi ina chomharsanacht, in éineacht lena hiníon a bhí 14 bliana d’aois.
Tar éis dó teach na mná a chur trí thine, chuaigh an fear gunna chuig ospidéal ollscoile, Rotterdam Medical Centre.
Ansin, chuaigh sé isteach i seomra ranga agus lámhaigh marfach múinteoir a bhí 43 bliain d’aois.
Gabhadh fear in aice leis an ospidéal, áit a raibh tine eile ann.
Bhí an t-amhrastach ar eolas ag lucht forghníomhaithe an dlí (law enforcement) agus in 2021 rinneadh é a ionchúiseamh agus a chiontú (prosecuted and convicted) as mí-úsáid ainmhithe.
Léirigh físeáin a postáladh ar líne na póilíní ag rá le mic léinn, cuid acu ag caitheamh gúna leighis (medical gowns), dul amach, de réir mar a tháinig foirne gabhála armtha ar an láthair.
Thaispeáin físeán amháin fear i ngclais láimhe (handcuffs).
Dúirt póilíní nach raibh aon chomhartha ar an dara ionsaitheoir.
Ní fios cad iad na cúiseanna atá leis an té a rinne na maruithe.
‘Tá eachtra uafasach déanta. Scaoileadh urchair in dhá áit éagsúla sa chathair. Chonaic go leor daoine é,’ a dúirt Méara Rotterdam Ahmed Aboutaleb.
‘Tá mothúcháin an-ard sa chathair. Gabhaim comhbhrón leis na híospartaigh.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.