Tá fadhb mhór ag an rialtas le lóistín a sholáthar do Úcránaigh.
Agus an chuid is mó den tír ag fulaingt ó thionchar Stoirm Agnes deir an Rialtas nach bhfuil an dara rogha acu agus go mbeidh orthu leanúint ar aghaidh ag úsáid pubaill (tents) le haghaidh Úcránaigh.
Agus cé nach bhfuil ann ach mí Mheán Fómhair beidh orthu cónaí i bpubaill ar feadh an gheimhridh, a dúirt an tAire Roderic O’Gorman.
Dúirt an t-aire sóisear go bhfuil an Stát fós ag lorg ‘na mílte’ leapacha ach nach bhfuil siad in ann a ndóthain a chur ar fáil.
Tagann sé seo cé go bhfuil sé tugtha le fios go bhfuil €1billiún breise faighte ag an Aire Caiteachais Phoiblí Paschal Donohoe agus an tAire O’Gorman le haghaidh iarrachtaí chun lóistín a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin in Éirinn.
Tá na mílte Úcránaigh, a bhfuil a dtír ag fulaingt ionsaithe uafásacha ó ionradh na Rúise, athlonnaithe anseo ó thús an chogaidh anuraidh.
Tá níos mó ná 70,000 á gcur ar lóistín arna soláthar ag an Stát.
D’fhógair an tAire O’Gorman agus an tAire Donohoe an maoiniú tar éis don Chomh-aireacht (Cabinet) an cheist a phlé inné.
Dúirt an tUasal O’Gorman go gciallódh brú leanúnach ar sholáthar lóistín go leanfadh líon beag Úcránach de bheith ag cur fúthu i bpubaill.
Agus dúirt sé gur socrú é a fhanfaidh i bhfeidhm ar feadh an gheimhridh.
Dúirt an tUasal O’Gorman freisin go bhfuil Éire páirteach in ‘iarracht shuntasach dhaonnúil’ chun dídean a thabhairt do dhídeanaithe ón Úcráin.
Dúirt sé: ‘Tá lóistín á cur ar fáil againn faoi láthair do bhreis is 70,000 duine ón Úcráin, méadú go seachtainiúil thart ar 550 duine.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.