Tá Storm Agnes tar éis an tAtlantach a thrasnú chun Éire a bhualadh go luath maidin Dé Céadaoin – agus tá sé níos measa ná mar a bhíothas ag súil leis.
Anois tá ocht gcontae curtha ar rabhadh (warning) gaoithe Stádas Oráiste ag Met Éireann agus beidh Port Láirge, Corcaigh agus Ciarraí ar rabhadh báistí freisin.
Tá rabhadh tugtha do Cheatharlach, do Chill Chainnigh, do Loch Garman, Cill Mhantáin, Corcaigh, Ciarraí, Tiobraid Árann agus Port Láirge faoi ghaotha an-láidir ó dheas le roinnt gaotha tromchúiseacha agus millteach idir 9am agus 5pm Dé Céadaoin.
D’fhéadfadh Port Láirge, Corcaigh agus Ciarraí tréimhsí báistí trom agus uaireanta dian a fheiceáil idir 9am agus 3pm.
Bhítear ag súil cheana féin go mbuailfidh Stoirm Agnes le gaotha millteach (distructive winds) a d’fhéadfadh luas 110kph a bhaint amach.
Bhí rabhaidh aimsire Stádas Buí curtha amach ag Met Éireann mar ullmhúchán don stoirm – agus dúirt siad ag an am go bhféadfadh an aimsir éirí níos measa fós agus í ag teacht níos gaire d’Éirinn.
Agus sin díreach a thárla
Beidh na coinníollacha is measa sa deisceart agus san oirthear, cé gur lá fliuch agus gaofar a bheidh ann ar fud na tíre.
I gCúige Laighean agus i gCúige Mumhan – ar tugadh rabhadh Stádas Buí orthu – meastar go mbeidh gaotha idir 50kph agus 65kph.
D’fhéadfadh roinnt gaotha a bheith suas le 110kph áfach.
Dúirt Met Éireann go mbeidh báisteach throm leanúnach ar Dé Céadaoin freisin.
Beidh ceantair cois cósta i mbaol tuilte de réir mar a chuireann gaotha láidre isteach in aghaidh taoidí arda, a dúirt Met Éireann.
Beidh taisteal deacair freisin, agus rabhadh á thabhairt do thiománaithe faoi dhrochléargas (poor visibility) agus crainn tite.
Tá féidearthacht ann freisin do gearradh leictreachais (power cuts) de réir mar a théann an lá ar aghaidh.
Moltar do dhaoine sna ceantair atá buailte coinneáil i dteagmháil le réamhaisnéisí aimsire Met Éireann agus a bheith thar a bheith cúramach agus iad ag taisteal.
Tá an rabhadh céanna tugtha do cheantair sa Tuaisceart ó 12pm Dé Céadaoin go dtí 7am Déardaoin do Aontroim, an Dún, Fear Manach, Tír Eoghain agus Doire (Antrim, Down, Fermanagh, Tyrone and Derry).
Idir an dá linn, d’fhéadfadh thart ar 60mm báistí a bheith i gceantair áirithe in Albain agus i dtuaisceart Shasana.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.