Rinne Donald Trump calaois (fraud) ar feadh na mblianta agus é ag tógáil a Impireacht réadmhaoine (property empire) chun clú agus cáil a fháil agus chun é a thabhairt go dtí an Teach Bán, de réir chinneadh breithimh.
Rinne an Breitheamh Arthur Engoron an cinneadh Dé Máirt i gcás cúirte sibhialta a thug Ard-Aighne (Attorney-General) Nua-Eabhrac Letitia James.
Dúirt an breitheamh gur mheall iar-uachtarán na Stát Aontaithe agus a chuideachta bainc, árachóirí (insurers) agus daoine eile trí ró-luach a chur ar a chuid sócmhainní (assets).
Rinne siad áibhéil (exaggerated) freisin ar a luach a bhí aige agus é ag déanamh margaí agus ag fáil airgid ar iasacht dá ghnóthaí.
Dúirt an Breitheamh Engoron gur cheart do chuid de chuideachtaí Trump a gceadúnas a chailleadh mar phionós.
Bheadh sé deacair dóibh gnó a dhéanamh i Nua-Eabhrac dá bharr. Dúirt an breitheamh freisin go leanfadh sé de mhonatóir neamhspleách a bheith aige ar ghnó Trump.
Dúirt Trump agus cuid dá fheidhmeannaigh cuideachta (company executives) bréag arís agus arís eile faoina saibhreas ar a ráitis airgeadais bhliantúla agus fuair sé téarmaí iasachta níos fearr agus préimheanna árachais (insurance premiums) níos ísle mar gheall air sin, a dúirt an Breitheamh Engoron.
Bhí na tactics sin in aghaidh an dlí, a dúirt an breitheamh, ag diúltú d’áitiú an Uasail Trump gur scaoil séanadh ar na ráitis airgeadais é ó aon éagóir.
‘I ndomhan na gcosantóirí’: is fiú árasán rialaithe cíosa agus árasáin neamhrialaithe; is fiú talamh srianta (restricted) mar an gcéanna le talamh neamhshrianta (unrestricted); is féidir le srianta galú isteach san aer tanaí; cuireann séanadh ó pháirtí amháin a chaith freagracht ar pháirtí eile deireadh le bréaga an pháirtí eile,’ a scríobh an Breitheamh Engoron. ‘Is saol fantaisíochta é sin, ní an saol fíor.’
Léirigh an breitheamh a thuairimí i ndoiciméad a dhiúltaigh iarracht Trump cás cúirte sibhialta ina choinne a chaitheamh amach.
Tá an cás sibhialta, a thug Ms James, á thógáil tar éis d’ionchúisitheoirí (prosecutors) Manhattan féachaint ar chás coiriúil a thabhairt faoin iompar céanna ach dhiúltaigh siad é sin a dhéanamh.
Tá pionóis á lorg ag Ms James a d’fhéadfadh cur isteach ar chumas Trump agus a theaghlach gnó a dhéanamh sa stát.
Tá $250 milliún dollar á lorg aici freisin i bpionóis. D’fhéadfadh an triail a bheith ar siúl go dtí mí na Nollag, a dúirt an Breitheamh Engoron.
I measc na líomhaintí atá ann tá sé ráite gur mhaígh Trump go raibh a árasán Trump Tower i Manhattan beagnach trí oiread a mhéid iarbhír agus gur luach €327 milliún an réadmhaoin.
Chuir sé luach chomh hard le $739 milliún ar Mar-a-Lago, atá níos mó ná 10 n-uaire níos réasúnta ná meastachán ar a luach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.