Tá cigirí reachtúla ceaptha le himscrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna tromchúiseacha airgeadais (serious financial issues) sa Peter McVerry Trust, de réir an Irish Times.
Tá siad ceaptha ag rialtóir an Stáit do chomhlachtaí tithíochta.
Tá an Trust ar cheann de na soláthraithe seirbhísí do dhaoine gan dídean (homeless) is mó sa tír.
D’oscail An tÚdarás Rialála Comhlachtaí Tithíochta Ceadaithe (Approved Housing Bodies Regulatory Authority, AHBRA) imscrúdú ar an gcarthanas an tseachtain seo.
Rialaíonn an AHBRA comhlachtaí tithíochta neamhbhrabúis (not-for-profit).
Tá imní faoi shócmhainneacht (solvency) an Trust sa todhchaí pléite ag leibhéil shinsearacha le cúpla lá anuas, de réir tuairisce san Irish Times.
I mí Iúil chuir an Peter McVerry Trust in iúl don Roinn Tithíochta go raibh brúnna tromchúiseacha airgid uirthi.
Ina dhiaidh sin, ceapadh iniúchóirí (auditors) PwC chun athbhreithniú airgeadais agus rialachais a dhéanamh ar an Trust.
Tá méadú suntasach tagtha le blianta beaga anuas ar an Trust, a chuireann lóistín do dhaoine gan dídean ar fáil do níos mó ná 2,000 duine gach oíche.
I ráiteas don Irish Times Dé Máirt, dheimhnigh AHBRA gur bhain siad úsáid as a chumhachtaí reachtúla chun cigirí a cheapadh chun imscrúdú a dhéanamh ar an Trust.
‘Iarradh ar na cigirí ceaptha tuarascáil ar a n-imscrúdú agus ar thorthaí a ullmhú agus a chur faoi bhráid AHBRA. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach toradh ar aon éagóir ann féin é tús imscrúdaithe reachtúil,’ a dúirt siad.
Dúirt an rialtóir go raibh ‘cinneadh aige go bhfuil gá le himscrúdú reachtúil, tar éis dó ábhair imní a aithint maidir leis an eagraíocht’, ar cuireadh in iúl dó i mí Iúil.
Tá dréacht de thuarascáil PwC tugtha chun críche le coicís anuas, a d’ardaigh tuilleadh imní faoi chúrsaí airgeadais an Trust, agus beidh tuarascáil iomlán le teacht sna seachtainí amach romhainn.
I ráiteas, dúirt an Peter McVerry Trust go raibh siad i dteagmháil le AHBRA ó thug siad fógra don rialtóir maidir le saincheisteanna ‘cashflow’ níos luaithe i mbliana.
Dúirt siad: ‘Is cuid thábhachtach é seo den trédhearcacht agus den chuntasacht dár n-eagraíocht, agus oibreoimid leis na cigirí agus AHBRA ar mhaithe le leas an bhreis is 2,000 úsáideoir seirbhíse agus tionónta chomh maith leis an bhfoireann a thacaíonn leo,’ a dúirt an ráiteas.
Dúradh i dtuarascáil bhliantúil is déanaí Peter McVerry Trust go raibh ioncam de €53 milliún aige in 2021, agus €38 milliún de sin ag teacht ó mhaoiniú Stáit.
Níl an tAthair Peter McVerry, an feachtasóir ar son daoine gan dídean le fada an lá, a bhunaigh an carthanas i 1983, páirteach in oibríochtaí an Trust ó lá go lá, ach tá sé fós ina rúnaí ar an mbord.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.