Tá Eve Hewson ag éirí níos coitianta lena ról mór i scannán ceoil nua de chuid John Carney, Flora And Son.
Bhí léirmheasanna dearfacha air go dtí seo agus eiseofar é ar Apple TV Dé hAoine.
Léirmheasanna measctha a fuair a céad róil mhóra. Ina measc bhí an dráma rómánsúil indie ó Cheanada Paper Year agus Robin Hood nach bhfuair an oiread sin moltaí, sin i 2018.
Mar sin féin, níor éirigh lena dul chun cinn mór mar phríomhaisteoir i léiriúchán de chuid an BBC i 2020, The Luminaries – a bhí bunaithe ar úrscéal a bhuaigh Duais Booker – dul i bhfeidhm ar an lucht féachana.
Mhol léirmheastóirí an dráma a bhí i sé pháirt, inar ghlac Eve ról Anna Wetherell, bean eachtrúil a d’aistrigh ón mBreatain go dtí an Nua-Shéalainn le linn fuadar óir (gold rush) na 1860idí.
Ach níor scóráil sé ach rátáil 6.2 ar shuíomh Gréasáin scannán agus teilifíse IMDB. Tá sé ar Apple TV agus Amazon Prime ó shin.
An bhliain dár gcionn ghlac Eve ról mar phríomhaisteoir i mionsraith Netflix, Behind Her Eyes, scéinséir síceolaíoch bunaithe ar an úrscéal 2017 le Sarah Pinborough.
Bhí sí i bpáirt Adele, bean chéile an Dr David Ferguson, a raibh i gcaidreamh le fostaí.
Bhí an tsraith, a bhí i sé pháirt, ar cheann de na 20 seó is mó a rabhthas ag faire orthu in 2021 agus bhí rátáil úsáideora IMDB de 7.2 aici. Meastar go bhfuil rátáil os cionn seacht bpointe mar phríomhtháscaire (key indicator) ar shástacht an lucht féachana.
Faoi láthair tá Eve ag scannánú an dara sraith de Bad Sisters – léiriúchán Apple TV chomh maith.
Bhí meas ag léirmheastóirí agus lucht féachana araon ar a chéad séasúr, agus tá rátáil iontach 8.3 aige ar IMDB.
Ina tionscadal is déanaí le Apple, Tá sí mar mháthair shingil le buachaill 14 bliana d’aois in Flora And Son, dráma grinn a bhfuil ceol ina chroí aici, ón stiúrthóir Once agus Sing Street.
Tá an scannán á eisiúint go teoranta i bpictiúrlanna na hÉireann ach beidh sé ar an ardán sruthú mór an tseachtain seo.
Is feall í iarracht Eve chanúint lár na cathrach Bhaile Átha Cliath a úsáid, in ionad canúint Chill Iníon Léinín (Killiney), ach tá sí thar cionn mar Flora, leis an mhúinteora ghiotáir Gorden-Levitt agus Jack Reynor mar dhaid an buachaill.
Tá Orén Kinlan, atá 16 bliana d’aois, mac le Laurence Kinlan a bhfuil aithne air as Elmo in Love/Hate, mar an mac Max.
Tá a fhios ag aon duine a chonaic iníon Bono, atá 32 bliain d’aois ar an scáileán, go bhfuil sí ann ar bhonn tuillteanais, agus go mbeidh éileamh níos mó uirthi.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.