Fuair Angus Cloud, a bhí sa ról an déileálaí drugaí Fezco ‘Fez’ O’Neill ar an tsraith teilifíse Euphoria, bás de bharr ródháileog timpisteach (accidental overdose).
Fuair an t-aisteoir tragóideach, ar tháinig a athair ó Chill Dhéagláin (Ashbourne) Co na Mí, bás de bharr cóicín, fentanyl agus substaintí eile, a dúirt oifig chróinéara (coroner’s office) i dtuaisceart California sna Stáit Aontaithe.
Bhí Cloud, a raibh a ainm iomlán Conor Angus Cloud Hickey, an-ghrámhar lena athair agus nuair a fuair a athair bás bhí Cloud ag streachailt leis.
‘An t-aon sólás atá againn ná a fhios a bheith againn go bhfuil Aonghas agus a dhaidí, a bhí ina chara is fearr aige, le chéile arís,’ a dúirt siad.
Fógraíodh an t-aisteoir, a bhí 25 bliain d’aois, marbh ag teach a thuismitheoirí in Oakland ar an 31 Iúil.
Fuair sé bás de bharr ‘acute intoxication’ mar gheall ar ‘éifeachtaí comhcheangailte methamphetamine, cóicín, fentanyl agus benzodiazepíní’, a dúirt Biúró Cróinéara Contae Alameda ar Dé hAoine.
Thug Cloud cuairt ar Éirinn go minic. Roimh Euphoria, dúirt sé leis an Wall Street Journal in 2019, go raibh sé ag smaoineamh ar bhogadh go lánaimseartha go hÉirinn.
‘Tá mo theaghlach ar fad ina chónaí amuigh ansin,’ a dúirt sé.
Ní raibh sa phlean ach ‘cónaí amuigh ansin agus a bheith ag obair’.
D’fhás a athair, darbh ainm Conor freisin, aníos i gCill Dhéagláin, áit a raibh sé ina chaptaen ar an bhfoireann áitiúil rugbaí.
Ag am a bháis, dúirt a chlann freisin: ‘Bhí Aonghas oscailte faoin chath a bhí aige le meabhairshláinte agus tá súil againn gur féidir lena bhás a chur i gcuimhne do dhaoine eile nach bhfuil siad ina n-aonar agus nár cheart dóibh troid ina n-aonar ina dtost.’
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.