Tá sé ráite ag iar-réalta One Direction, Liam Payne, gur cuireadh iallach air ceolchoirmeacha a chur ar ceal tar éis dó dul chuig an ospidéal le ‘ionfhabhtú tromchúiseach duáin (serious kidney infection)’.
Dúirt an t-amhránaí, atá 29 bliain d’aois, nach raibh ‘aon rogha’ aige ach a chamchuairt ar Mheiriceá Theas atá le teacht a chur siar ‘le croí trom’.
‘Le seachtain anuas tá mé san ospidéal le hionfhabhtú duánach tromchúiseach,’ a dúirt Payne ar Instagram.
‘Is rud é nach mbeinn ag iarraidh ar éinne, agus is é orduithe na ndochtúirí go gcaithfidh mé mo scíth a ligean anois ar son téarnamh.’
Bhí Liam ar dhuine de na réaltaí ag One Direction leis an amhránaí Éireannach Niall Horan agus an réalta amhránaíochta conspóideach agus an deilbhín faisin Harry Styles.
Dúirt sé: ‘Bhí mé thar a bheith ar bís teacht ag seinm libhse.
‘Daoibh go léir a cheannaigh ticéid: tá brón orm.
‘Táimid ag obair chun an turas a athsceidealú chomh luath agus is féidir linn, ach faoi láthair beimid ag aisíoc na ticéid. Mar sin bí ag faire amach le haghaidh nuashonruithe ó do phointe ceannaigh.
‘Go raibh maith agaibh mar is gnáth as an grá agus an tacaíocht, agus táim ag tnúth le sibh a fheiceáil go luath.’
I bhfíseán a chuaigh leis, dúirt Payne go raibh tús curtha aige ag cleachtadh don turas ach dúradh leis ‘nach é anois an t-am ceart le bheith amuigh ar an mbóthar’.
Nuair a bheidh sé ceart go leor fillfidh sé le ‘seó níos fearr fós’, a dúirt sé.
Thosaigh Payne ar ghairm aonair tar éis do One Direction a fhógairt go raibh siad ag dul ar sos éiginnte in 2015.
Bhí sé mar chuid den ghrúpa, a bunaíodh in 2010, in éineacht le Zayn Malik, Louis Tomlinson, Niall Horan agus Harry Styles.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.