Scéalta na seachtaine: Grá ar an Trá – agus sa bhaile – a deir Síomha

11/09/2023

Tá Síomha Ní Ruairc ag cur ‘Love Island le Gaeilge’ i láthair agus ag casadh a fiancé ina Gaeilgeoir freisin

Tá Síomha Ní Ruairc ar mhisean an Ghaeilge a léiriú mar theanga an ghrá – sa bhaile agus ar an teilifís.

Agus deir sí go bhfuil sí ag scaipeadh an scéal i bhfad níos gaire don bhaile freisin.

Beidh sí ag cur Grá Ar An Trá I láithir le Gráinne Seoige agus James Kavanagh.

Siomha Ni Ruairc 2
Síomha Ní Ruairc

Ach chomh maith leis sin tá Síomha ag iarraidh a fiancé, Cathal Pendred, a thiontú go réidh le bheith ina Ghaeilgeoir.

Rugadh i nGaillimh Síomha ach tógadh i Leamhcán (Lucan), Baile Átha Cliath í, agus is rómánsúil mór í.

Mhol sí pósadh le Cathal i dtimpeallacht rómánsúil Caisleán Cheapach Corcóige (Ashford Castle) in 2020.

Dúirt sí go bhfuil Cathal, atá ina trodaire MMA, ag obair ar a chuid Gaeilge.

Gráinne Seoige
Gráinne Seoige

‘Tuigeann sé i bhfad níos mó, agus labhraíonn sé Gaeilge oiread agus is féidir.

‘Déanaim iarracht gan daoine a cheartú mar is fearr iad a spreagadh chun cainte,’ a deir sí.

Deir Síomha go bhfuil an tsraith nua Virgin Media ‘beagán níos folláine (wholesome)’ ná Love Island.

Leanann an seó 12 duine aonair ar thóir ar grá agus iad ag foghlaim Gaeilge.

Agus deir Síomha go bhféadfadh an Ghaeilge a bheith ina ‘aphrodisiac’ mar tháinig an grá faoi bhláth agus na hiomaitheoirí ag múineadh cúpla focal dá chéile.

Dúirt Síomha: ‘Tugadh luach saothair as an bhfeabhas a rinne siad, agus tháinig feabhas mór ar chuid acu.

‘Sílim go léiríonn sé seo go n-oibríonn sé nuair a úsáideann tú an Ghaeilge i suíomh sóisialta.’

Gra ar an tra 3
Grá ar an Trá le Síomha Ní Ruairc, Gráinne Seoige and James Kavanagh ar Virgin Pic: Brian McEvoy

Ag labhairt dó ar fhoirmle an tseó chun grá a aimsiú, dúirt Síomha: ‘Nuair a bhíonn comhsprioc agat agus go bhfoghlaimíonn an bheirt agaibh le chéile beidh muinín agaibh as a chéile chun an sprioc seo a bhaint amach.

‘Agus caithfidh tú cabhrú le do pháirtí a bhfuil b’fhéidir níos mó laigí aige.

‘Is iontach an rud é do chaidreamh.’

Le linn na scannánaíochta, bhí na hiomaitheoirí ina gcónaí i dteach le chéile ar feadh cúig seachtaine leis na na ceamaraí.

Agus cé go ndúirt Síomha go raibh roinnt fadhbanna ann, is mó a d’éirigh go maith leis na hiomaitheoirí.

Dúirt sí: ‘Sílim gur éirigh go maith leo le chéile don chuid is mó.’

Admhaíonn Síomha go raibh nóiméad neirbhíseach aici nuair a chaitear í in éineacht le Gráinne Seoige, agus deir sí gurb í Gráinne an inspioráid.

‘Ba mhór an onóir dom dul ag obair léi. Ní féidir liom ach rudaí a fhoghlaim uaithi.

‘Is máistir-rang í maidir le daoine a chur i láthair agus a chur faoi agallamh. Thug sí an-spreagadh dom, ag fás aníos, go raibh áit ann do Ghaeilgeoirí.’

Is céimí de chuid Ollscoil Mhá Nuad í Síomha, agus chuir sí tús lena gairm bheatha craoltóireachta ar TG4, áit a ndeir sí go bhfuil sí ‘ag cur faoi le cúig nó sé bliana anuas’.


Faigh scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram