Tá múinteoir sna 20idí luatha a sheol teachtaireachtaí míchuí trí Snapchat chuig cailíní sna déaga, a bhí ina iar-dhaltaí, bainte den chlár ag an gComhairle Mhúinteoireachta (Teaching Council).
Rialaigh an comhlacht rialaitheach do mhúinteoirí freisin nár cheart go mbeadh an múinteoir i dteideal iarratas a dhéanamh ar athchlárú ar feadh 15 bliana ar a laghad toisc go raibh tromchúis na dtorthaí ina choinne ‘go bunúsach ar neamhréir lena chlárú leanúnach mar mhúinteoir’.
Fuair fiosrúchán de chuid na Comhairle Múinteoireachta i mí Iúil go raibh an múinteoir ciontach i seacht líomhain maidir le mí-iompar gairmiúil chomh maith le sárú ar an gCód Iompair Ghairmiúil do Mhúinteoirí (Code of Professional Conduct for Teachers).
Rialaíodh go ndearna an múinteoir teagmháil mhíchuí ar Snapchat le seisear iarscoláirí sa mheánscoil inar mhúin sé chomh maith le cailín eile ón gceantar céanna.
Bhí ábhar 'an-ghnéasach' i gcuid de na teachtaireachtaí téacs.
Seoladh na teachtaireachtaí ar dhátaí idir Meán Fómhair 2019 agus Iúil 2020 nuair a bhí na cailíní idir 13 agus 14 bliana d’aois.
Ní féidir ainm an mhúinteora, na scoláirí, na scoile ná a suíomh tíreolaíoch ginearálta a aithint faoi threoir na Comhairle Múinteoireachta.
Chuala an fiosrúchán fianaise thar dhá lá an samhradh seo go raibh an múinteoir ag obair mar mhúinteoir faoi oiliúint agus ina dhiaidh sin mar mhúinteoir ionaid sa scoil idir Meán Fómhair agus Nollaig 2019.
Ag éisteacht ar Déardaoin, dúirt coiste smachtaithe na comhairle go raibh mí-iompar gairmiúil an mhúinteora ‘ag nó an-ghar don cheann is airde ar an speictream i dtéarmaí a thromchúisí’.
Dúirt cathaoirleach an choiste, Seán O’Neill, gur nithe a cuireadh san áireamh ná maslach a iompair agus próifíl aoise na mac léinn a bhí ag céim forbartha ina mbíonn leanaí an-leochaileach (vulnerable).
Dúirt an tUasal O’Neill nárbh fhéidir gníomhartha an mhúinteora a mheas mar ‘eachtra aon uaire ná mar thimpiste ghairid nóiméad’.
Dúirt sé gur bhain gach teagmháil mhíchuí le 'méid shuntasach ullmhúchán cúramach a bhí deartha chun a chur chuige go raibh sé neamhurchóideach agus cairdiúil ach go raibh sé ag féachaint le tuilleadh teagmhála míchuí a dhéanamh.'
Thug an tUasal O’Neill faoi deara go raibh go leor de na teagmhálacha a bhí ‘gnéasach,’ agus an múinteoir ag seoladh grianghraf ‘part-topless’ de féin chuig dalta amháin, agus é ag cur síos ar chailín eile mar ‘little ride’.
Iarradh ar mhac léinn eile an teagmháil a choinneáil faoi rún ionas nach gcuirfí an múinteoir i dtrioblóid nó go ndéanfaí é a ghabháil, rud a dúirt an tUasal O’Neill a bhí ‘manipulative’.
Chinn an coiste gur chruthaigh an múinteoir freisin riosca an-ard go ndéanfaí dochar suntasach, fadtéarmach do na leanaí lena n-áirítear damáiste síceolaíoch agus mhothúchánach.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.