Ar siúl anois – Cúla4, an cainéal Gaeilge do pháistí

11/09/2023

Tá an cainéal Cúla4 ar fad i nGaeilge agus craolfar é ar teilifís agus ar líne ó 6am go 8pm

Bhí Cúla4, an cainéal nua Gaeilge do pháistí seolta ar Dé hAoine. Tionscnamh ó TG4 is ea Cúla4 chun cláracha tiomnaithe (dedicated programmes) a chur ar fáil do lucht éisteachta níos óige.

Tá sé ar fáil ar an teilifís, ar líne agus trí aip tiomnaithe.

Tá an stáisiún dírithe ar pháistí suas le 12 bhliain d’aois agus is cainéal saor in aisce é. Craolfar é gach lá ó 6am go 8pm, le cláracha Éireannacha agus idirnáisiúnta.

Soláthróidh an earnáil léiriúcháin neamhspleách (independent production sector) go leor den ábhar, agus beidh seónna nua beochana (animation), drámaíochta agus stíl mhaireachtála (lifestyle) réidh le craoladh.

Cúla4 le  Niamh Ní Chróinín
Cúla4 le Niamh Ní Chróinín

Déanfar ábhar eile a athghuth (re-voiced) óna bhunteanga agus a chraoladh i nGaeilge.

Dúirt Bainisteoir Cainéal Cúla4 Karina Feirtéar go gcinnteoidh an stáisiún go mbeidh fáil níos fearr ar ábhar Gaeilge do lucht éisteachta níos óige.

Táthar ag súil go neartóidh sé seo rannpháirtíocht na bpáistí sa teanga.

Dúirt Ms Feirtéar gur dearadh an cainéal chun ábhar a thairiscint ar éileamh (on demand), ar bhealach atá leanaí ag súil leis ó sholáthraithe meán eile.

cula42

Beidh sé ar fáil sa bhaile agus ag bogadh timpeall agus cuirfidh an cainéal ábhar oideachasúil atá nasctha le curaclam na bunscoile ar fáil.

Mar sin is féidir le scoileanna é a úsáid chun cabhrú leis an eispéireas teagaisc agus é a fheabhsú.

Dúirt Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont go raibh cumas na tíre an teanga a chur ar aghaidh chuig na glúine atá le teacht ríthábhachtach don mholadh go mbeadh cainéal tiomnaithe do pháistí ann.

Dúirt sé go raibh ‘tábhacht stairiúil’ ag baint leis an seoladh nuair a bhíothas ag iarraidh a chinntiú go leanfadh an Ghaeilge mar theanga phobail a mbeadh fás agus rath uirthi.

Dúirt an tUasal Esslemont go neartódh sé a gcaidreamh leis an teanga.

cula4spongebobd

Dúirt Cúla 4 go léireofar cúlraí éagsúla na bpáistí atá ina gcónaí i ngach cearn d’Éirinn agus go háirithe sna pobail Ghaeltachta agus Ghaeilge ina gcuid clár.

Treoróidh triúr láithreoirí ancaire, as Béal Feirste, Gaillimh agus Baile Átha Cliath, an lucht féachana tríd an sceideal 14 uair an chloig in aghaidh an lae.

Beidh an cainéal beo ar Saorview, Virgin Media, Sky agus Eir.

Is féidir le lucht féachana ar líne rochtain a fháil ar an ábhar ar cula4.com.


Faigh scéalta ExtraG.ie ó Luan go hAoine

• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com

• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.

Comhroinn Anois

You might also like ...

Lean ExtraG.ie

Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.

© 2021 – 2024 Extra.ie | DMG Media
exit-upcrosschevron-down linkedin facebook pinterest youtube rss twitter instagram facebook-blank rss-blank linkedin-blank pinterest youtube twitter instagram