Ba cheart do choiste cumhachtach Dála déileáil le cinneadh Virgin Media am craolta a thabhairt don ‘gangster’ John Gilligan.
Dúirt Seanadóir de chuid Fhine Gael, Mary Seery Kearney, gur thug an chlár ardán do fear a bhfuil aithne air mar duine a úsáideann foréigin ar mná’ chun ‘beag is fiú a dhéanamh de gníomhartha uafásacha den sórt sin’.
I gclár oíche Dé Luain labhraíonn Gilligan faoi ionsaithe ar a iar-bhean chéile, Geraldine Gilligan. Deir sé: ‘Sílim gur thug mé cúpla buille di thar na blianta.
‘Ní cuimhin liom go díreach cad a bhí ann. Ní déarfaidh mé nár bhuail mé riamh í ón lá ar tháinig muid le chéile go dtí an lá a scar muid.
‘Ghabh mé mo leithscéal as í a bhualadh, ach pé rud a bhí ann – mo fhearg (temper), a leithéid de rud.’
Déanann sé magadh ansin faoin mbealach ceart chun ionsaí a dhéanamh ar bhean.
Deir sé: ‘Ar ndóigh níl sé ceart riamh bean a bhualadh. Agus má tá tú chun bean a chiceáil, ba cheart duit na bróga a bhaint duit i gcónaí … “Only messing”.’
Mar fhreagra ar sin, d’iarr Women’s Aid ar Virgin Media ‘athmhachnamh’ a dhéanamh ar níos mó ama craolta a thabhairt do Gilligan leis an gclár, Confessions Of A Crime Boss.
Agus deir an Seanadóir Kearney gur cheart do Choiste Meán an Oireachtais teacht le chéile ag suí speisialta chun an cinneadh an clár faisnéise a chraoladh a scrúdú.
Dúirt sí go dteastaíonn scrúdú níos leithne ar chaighdeáin eagarthóireachta mar gheall ar an gcinneadh an clár faisnéise a chraoladh.
Is í an Seanadóir Kearney urlabhraí comhionannais Fhine Gael sa Seanad agus dúirt sí go bhfuil scríofa aici chuig cathaoirleach an choiste meán cumarsáide, Niamh Smyth, faoin gcinneadh an clár faisnéise trí pháirt a chraoladh.
I ráiteas inné, dúirt Ms Seery Kearney: ‘Ní fhaca mé cuid a haon den chlár, agus ní dócha go bhféachfaidh mé ar aon chuid de mar tá fearg orm go dtugtar ardán don duine sin ar chor ar bith.
Beidh clár oíche Dé Luain bunaithe ar marú Veronica Guerin, chomh maith le Geraldine Gilligan.
‘Tá a míshástacht curtha in iúl ag Women’s Aid le craoladh an chláir agus caithfidh mé tacú leis an tuairim sin,’ a dúirt Ms Seery Kearney.
• Más mian leat ríomhphost (email) a fháil leis na scéalta is fearr ar ExtraG.ie, ó Luan go hAoine, seol an focal ‘Tá’ chuig joeextragdotie@gmail.com
• Más mian leat tuilleadh eolais a fháil faoi conas do chuid Gaeilge a fheabhsú is féidir dul chuig Conradh na Gaeilge agus Foras na Gaeilge.
Bí ar an gcéad duine a léann an Nuacht is déanaí i nGaeilge, leis an gclúdach is fearr ar chúrsaí reatha, Siamsaíocht bhríomhar agus Spórt.